Fuinneog lainseála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An tréimhse ama, taobh istigh den deis lainseála, inar féidir spásárthach a lainseáil isteach sa bhfithis chuí. Ní bhíonn i gceist ach idir cúpla nóiméad is uair an chloig, ag brath ar an misean (an pláinéad sprice) agus an lá. Bíonn dhá fhuinneog mar seo i ngach 24 uair, ach is féidir go mbeidh ceann acu neamhphraiticiúil ar chúiseanna cosúil leis na priacail a bhaineann le lainseáil oíche nó stoirm throm.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuinneog lainseála". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 296.