Deis lainseála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tréimhse ama inar féidir spásárthach a lainseáil ar aistear chuig pláinéad lena laghad fuinnimh is féidir. De réir cineáil, bíonn 10-20 lá i gceist. Taobh amuigh den tréimhse seo ní bhíonn an lainseáil indéanta, de bharr teorainneacha feidhmiúcháin an fheithicil lainseála. Ós rud é go bhfuil an Domhan is an pláinéad sprice i bhfithisí timpeall na Gréine, tarlaíonn deiseanna lainseála go tréimhsiúil. Maidir leis na pláinéid sheachtracha tarlaíonn na deiseanna gach 12-13 mí, i gcás Marsa gach 26 mí, Véineas gach 19 mí, agus Mearcair gach 19 mí (ach de bharr claonadh 7° i bhfithis Mhearcair i leith an éicliptigh — comhphlána fhithisí na bpláinead uile eile is na Gréine — ní thagann deiseanna praiticiúla ach gach 36 mí).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Deis lainseála". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 206.