Frank Sherwood Rowland

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí a rugadh i nDelaware, Ohio is ea Frank Sherwood Rowland (1927-). Lena chomhghleacaí Mario Molina chruthaigh sé i 1974 go n-imoibreodh solas ultraivialait san atmaisféar le clórafluaracharbóin chun adaimh clóirín a tháirgeadh. Feidhmíonn na hadaimh clóirín sa tslí chéanna leis na hocsaídí nítrigine chun an ciseal ózóin a mhilleadh. Roinn an bheirt Duais Nobel sa cheimic i 1995 le Paul Crutzen as an saothar seo.