Ocsaídí nítrigine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

NOx, drochthruailliú an aeir a sceitear as innill dócháin inmheánaigh agus próisis thionsclaíocha. Ciallaíonn an fhoscript x nach mbíonn líon ar leith adamh ocsaigine nasctha leis an adamh nítrigine sa mhóilín. Má ionanálaítear aer lena laghad is leathpháirt sa mhilliún de NOx ann, cuireann sé isteach go tubaisteach ar dhaoine le plúchadh, galar ainsealach scamhóige, nó galar croí. Mar sin, tá iarrachtaí teicneolaíocha is reachtúla ar siúl ar fud an Domhain an truailliú seo a laghdú, fiú a dhíothú ar fad.