Feoras

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crann beag nó tom duillsilteach a fhásann 6 m ar airde, dúchasach don Eoraip is iarthar na hÁise. Na duilleoga caol ubhchruthach biorach fiaclach. Na bláthanna i gcrobhaingí de 3-8 cinn, scothghlas le 4 pheiteal caol. Capsúl bándearg ceathairliopach 1.0-1.5 cm ar leithead an toradh, a scoilteann chun na síolta, le hairilí méithe flannbhuí, a shaoradh.