Feithicil hibrideach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Honda Insight

Is éard is feithicil hibrideach ann ná feithicil ina bhfuil dhá thiontaire fuinnimh éagsúla inti agus dhá chóras stórála fuinnimh éagsúla (san fheithicil) chun an fheithicil a thiomáint.

De ghnáth, tagraíonn an téarma d'fheithiclí leictreacha hibride (FLH), feithiclí ina mbíonn inneall dócháin inmheánaigh agus ceann amháin nó níos mó mótar leictreach.

Deirtear gurb é an fheithicil hibrideach, le hinneall dócháin inmheánaigh chun tiomáint lasmuigh den chathair agus mótar leictreach chun tiomáint istigh sa chathair, réiteach na faidhbe. Bíonn rogha idir inneall peitril ardchumhachta le hinneall leictreach ísealchumhachta agus a mhalairt.

Sna 2000idí, fuair Toyota mórán poiblíochta cheana féin lena ngluaisteán hibrideach, an Prius.[1]

Astaíochtaí breosla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má thagann an leictreachas do na gluaisteáin leictreacha ó stáisiúin chumhachta a úsáideann ola nó gás, beidh truailliú áirithe i gceist agus cuirfear leis an téamh domhanda. Déanfar i bhfad níos lú dochair, áfach, ná mar a dhéanann gnáthghluaisteáin. Ach tá buntáiste mór eile ag baint le gluaisteáin leictreacha: is féidir a dtart a shásamh le cumhacht ón ghrian nó ón ghaoth nó ó na tonnta.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pádraig Mac Éamoinn (DF 2006). "Íomhá nua na ngluaisteán leictreach" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-08-11.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).