Falscaithe i gCeanada, 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFalscaithe i gCeanada, 2023
Íomhá
Cineálfalscaí Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de2023 Canadian wildfires (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse2 Meitheamh 2023 - 
SuíomhCentral Canada, Quebec (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Québec, Ceanada
Ontario, Ceanada Cuir in eagar ar Wikidata
TírCeanada Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leis2023 United States East Coast wildfire smoke (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Tharla falscaithe ollmhóra i gCeanada le linn samhradh 2023.[1][2] Bhí na céadta tine ar lasadh mórthimpeall na tíre. Theip ar shéasúr na báistí arís agus bhí na foraoisí chomh tirim le sponc. Loisceadh réimse leathan foraoise ar fud na tíre.

Loisceadh 5 faoin gcéad d’fhoraoiseacha na tíre i dtinte a lean ar feadh an tsamhraidh; b’éigean do dhaonra iomlán Yellowknife an chathair sin a fhágáil agus d’fhéadfaí deatach na dtinte a fheiceáil chomh fada ó dheas agus cathair Nua-Eabhrac.[3]

toitcheo ar na Stáit Aontaithe

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toitcheo : Empire State Building, 7 Meitheamh 2023

Bhí leibhéil arda truailliú aeir i Meiriceá Thuaidh de bharr na bhfalscaithe i gCeanada.[4][5] Bhí aer tocsaineach le brath trasna na mór-ranna ó Philadelphia ar an chósta thoir go Detroit agus Chicago san iarthar láir. Meastar gurb é seo an truailliú aeir is measa ar taifead sna Stáit Aontaithe.

I Nua-Eabhrac, chonacthas toitcheo oráiste sa spéir de bharr an truailliú.[4] Tugadh amach milliún masc agus moladh do dhaoine fanacht taobh istigh. Cuireadh ceal ar mhórimeachtaí spóirt, cheolchoirmeacha, eitiltí agus mar sin de.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Canada’s Smoke Signals Another Dire Warning" (en). Bloomberg.com (2023-06-11). Dáta rochtana: 2023-06-11.
  2. BRIAN K. SULLIVAN / Bloomberg (2023-06-10). "NNY may be in for a smoky summer" (en). NNY360. Dáta rochtana: 2023-06-11.
  3. Alex Hijmans (28 Nollaig 2023). "Cogadh dearg agus deargtheas – súil siar ar an domhan in 2023" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-29.
  4. 4.0 4.1 Conradh na Gaeilge, Londain (10 Meitheamh 2023). "‎Nuacht Mhall: (An Dún)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-06-11.
  5. "2023 United States East Coast wildfire smoke" (as en) (2023-06-11). Wikipedia.