Faireoga incríneacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtFaireoga incríneacha
Sonraí
Laidinglandulae endocrinae
Cuid decóras inchríneach
Aitheantóirí
MeSHD004702
TAA11.0.00.000
THH2.00.02.0.03072
FMA9602 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Téarmaíocht anatamaíoch


Faireoga gan duchtanna, i láthair i gcuid de na hinveirteabraigh (moilisc is artrapóid áirithe) agus na veirteabraigh uile, a shintéisíonn is a thálann ceimiceáin teachtaire (hormóin) isteach in imshruthú na fola nó sa limfe le hiompar do na sprioc-chealla. Sna veirteabraigh, déanann siad príomhchóras cumarsáide (an córas inchríneach) a rialaíonn is a chomhordaíonn feidhmeanna na colainne, i gcomhar leis an néarchóras.

Cuimsíonn an córas seo an fhaireog phiotútach, an fhaireog thíoróideach, an fhaireog pharaitíoróideach, an fhaireog aidréineach (osduánach), an paincréas (insíní Langerhans), agus na gónaid.

fíocháin is orgáin eile a bhfuil feidhmeanna faireogacha acu freisin: an hipeatalamas, na duáin, an chonair ghastraistéigeach, an tímeas, an ball pinéalach.

Tá cuid mhaith neamhord is féidir tarlú i bhfaireoga a chuireann isteach ar fhás is forbairt, meitibileacht is atáirgeadh. Tugtar incríneolaíocht ar an staidéar ar struchtúr, feidhmeanna is galair na bhfaireog inchríneach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Faireoga incríneacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 253.