Fótagraiméadracht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Úsáid taifead fótagrafach chun tomhais chruinne a dhéanamh ar fheiniméin. Cuirtear i bhfeidhm í i ndéanamh léarscáileanna trí shuirbhéireacht aerga den chuid is mó, ach baintear feidhm as i gcásanna sa mhíochaine, an dlí-eolaíocht agus an ailtireacht freisin, nuair is féidir eangach thoimhseach a chur san áireamh nó a fhorshuí.