Eva Philbin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEva Philbin
Beathaisnéis
Breith4 Eanáir 1914
Béal an Átha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Meitheamh 2005
91 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheÉire
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeimic
Gairmceimiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Acadamh Ríoga na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de

Ceimiceoir Éireannach agus an chéad uachtarán ar Institiúid Ceimice na hÉireann ab ea Eva Philbin' (née Ryder) (4 Eanáir 1914 – 24 Meitheamh 2005). Rinne sí a céim bhaitsiléara agus a céim mháistreachta in Ollscoil na Gaillimhe i 1937. Bhí sí mar cúntóir Tom Dillion. Rinne sí obair ag aithint carbaihiodráití i bhfeamainn. I 1939, d’oibrigh sí mar cheimiceoir tionsclaíoch agus taoiseach ar Hygeia LTD i nGaillimh le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Saol & Gairm bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i mBaile an Átha í. Eva Maria Ryder an t-ainm iomlán a bhí aici nuair a rugadh í. Ba í an iníon is sine. Bhí deirfiúr amháin aici. Bhí a hathair, George Ryder, ina fhear an phoist agus níos déanaí ina thábhairneoir. Fuair a máthair, Kate Donegan, bás.

Gairm agus Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Eva Philbin isteach sa roinn ceimice in UCD sa bhliain 1945. D'oibrigh sí go han-dian chun an choláiste taighde a fhorbairt ar thaobh na ceimice de. Sa bhliain 1963, d’éirigh sí a bheith mar an t-Ollamh ar an roinn ceimice in UCD. Ba í Eva Philbin an chéad bhean a bhí ina huachtarán ar Institiúid Ceimice na hÉireann. Bhí sí mar cathaoirleach na Comhairle Náisiúnta Eolaíochta agus leasuachtarán sinsearach ar Acadamh Ríoga na hÉireann. Sa bhliain 1989, bhí sí aitheanta ag an RIA mar gheall ar éachtaí s’aicí agus tugadh festschrift di ina scríobh 115 údar ann.

Pósadh agus Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí beirt iníon agus mac amháin aici lena fear céile, John ‘Jack’ Philbin. Pósadh iad ar an 28ú lá de mhí Aibreáin 1943. Ag an am, dá bpósfá, bheadh sé i gcoinne an dlí post a bheith agat. Ach thóg Eva Philbin post mar léiritheoir i roinn na ceimice i UCD.

Saol déanach agus bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair sí bás i dTeach Altranais Ailesbury, Baile Átha Cliath, ar 24 Meitheamh 2005. Bhunaigh Institiúid Ceimice na hÉireann Dámhachtain Eva Philbin agus sraith léachtaí bliantúla ina honóir.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]