Eurostat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaEurostat
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálArd-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh
seirbhís staitistiúil
eagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibrestaidreamh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1953
Ócáid shuntasach
Scannal Eurostat Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deDDI Alliance (en) Aistrigh
International Statistical Institute (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú (1998–)
MáthaireagraíochtAn Coimisiún Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCóras Staidrimh na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinec.europa.eu… Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: EurostatStatistics Twitter: EU_Eurostat Instagram: eu_eurostat LinkedIn: eurostat Youtube: UCjO2YQzR0ZzNc-YKFI7rTrQ Cuir in eagar ar Wikidata

Is í An Oifig Staidrimh Eorpach, ar a dtugtar Eurostat, oifig staidrimh an Choimisiúin Eorpaigh, a tháirgeann sonraí ar an Aontas Eorpach agus a chuireann chun cinn comhoiriúnú modhanna staidrimh na stát a chomhdhéanann é.

Ta dhá cheann dá róil thar a bheith tábhachtach:

  • táirgeadh sonraí maicreacnamaíocha a thacaíonn le cinntí an Bhainc Cheannais Eorpaigh ina bheartas airgeadaíochta don euro, agus
  • táirgeadh sonraí réigiúnacha agus aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh, a threoraíonn beartais struchtúracha an Aontais Eorpaigh.

Tá Eurostat ar cheann d'Ard-Stiúrthóireachtaí an Aontais Eorpaigh agus tá sé bunaithe i Lucsamburg. Is í Mariana Kotzeva an tArd-Stiúrthóir atá aige faoi láthair agus faigheann sí cúnamh ó 7 stiúrthóir, agus a n-earnáil gníomhaíochta féin ag gach ceann díobh laistigh de Eurostat.