Ernst Werner von Siemens

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Innealtóir a rugadh i Lenthe na Gearmáine ab ea Ernst Werner von Siemens (1816-1892). Shaothraigh sé an córas teileagrafaíochta sa Phrúis, dhear cuid mhaith saghsanna galbhánaiméadar, agus thomhais friotaíocht leictreach ábhar éagsúil. Deartháir le Karl Wilhelm Siemens (1823-1883) a cheap teicníocht nua chun cruach a dhéanamh i Sasana i 1861