Els Segadors (amhrán náisiúnta na Catalóine)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóEls Segadors

Closán

Cineálamhrán náisiúnta
Foilsithe1899
Teangaan Chatalóinis
LiriceoirEmili Guanyavents
CumadóirFrancesc Alió
Musicbrainz: 98a310b4-214f-33a7-b131-15a86206f8a3 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é amhrán náisiúnta na Catalóine Els Segadors. Déanann an focal ‘segadors’ tagairt do chosmhuintir na tíre a d’úsáid an corrán mar uirlis troda i gcoinne fhórsaí na Spáinne sa 17ú céad. Bíonn sé de nós ag muintir na tíre an ‘Diada’ a cheiliúradh ar an 11 Meán Fómhair agus Lá náisiúnta na Catalóine.[1]

Liricí amhrán náisiúnta na Catalóine, ‘Els Segadors’, aistrithe go Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Corránaithe

An Chatalóin chathbhuach,
Fillfidh do shaibhreas agus flúirse,
Ruaigimis an dream seo,
Atá lán mórtais agus sotail.

Buille maith den chorrán,
Buille maith den chorrán,
Cosantóirí na talún,
Buille maith den chorrán.

Seo an uair, a chorránaithe,
An uair le bheith san airdeall,
Nuair a thiocfaidh Meitheamh arís,
Cuirfidh muid faobhar ar na huirlisí.

Go gcroitear an namhaid,
Ar fheiceáil dóibh ár gcomhartha,
Mar a bhainimid diasa óir,
Is amhlaidh a bhainfimid na slabhraí dínn.[1]

Cosmhuintir na tíre i gcoinne fhórsaí na Spáinn

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 NÓS. "Amhrán náisiúnta na Catalóine… as Gaeilge ar an 'Diada'!" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2023-02-16.