Einceifealapaite spúinseach bólachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarEinceifileapaite spúinseach bhólachta
cuir in eagar
Cineálgalar prióin, bovine disease (en) Aistrigh agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisnéareolaíocht, tréidliacht, míochaine, eipidéimeolaíocht, paiteolaíocht agus pataigineas Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Comharthaíimní, Neamhluail agus highly sensitive person (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Scrúduithewestern blot (en) Aistrigh, micreascópacht agus Histeolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáilneamhbheith Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0250916 Cuir in eagar ar Wikidata
OMIM123400 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD016643 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0085209 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:5435 Cuir in eagar ar Wikidata

Galar céimnitheach atá marfach don néarchóras lárnach in eallach is ea Einceifealapaite spúinseach bólachta[1]ESB (Béarla : bovine spongiform encephalopathy, BSE nó mad cow disease). Is minic a thugtar galar na bó buile (nó galar na mbó builemire na mbó) air freisin.

prióin
físeán

An galar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireann an galar isteach ar struchtúr na hinchinne. Is iad na siomptóim a bhíonn ag an ainmhí ionfhabhtaithe ná athruithe ina iompar is droch-chomhordú. Níl aon leigheas ná cóireáil air, agus is gá an t-ainmhí a mharú. I dtástálacha iarbháis fuarthas an inchinn meathlaithe ina mais spúinseach, díreach cosúil le hinchinn caorach atá ionfhabhtaithe leis an scráibeach, galar seanbhunaithe caorach. Cinneadh faoi dheireadh gur gníomhaí próitéine de shaghas nua, a dtugtar prión anois air, ba chúis leis an ngalar.

Príomhalt: Galar prióin

Cinneadh freisin go raibh dóchúlacht ard gur tarchuireadh na prióin ó chaoirigh trí mhin ionfhabhtaithe feola is cnámh a bheith á hithe ag na ba. Fuarthas freisin go raibh na prióin an-fhrithsheasmhach i gcoinne teasa is antaiseipteán. Cuireadh cosc ar úsáid a leithéid de mhin agus aon fhíocháin néarógaigh as ba leis an ngalar seo.

ESB sa Bhreatain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba sa Bhreatain a tharla an chéad chás den ghalar, i 1986.

Ar an 30 Bealtaine 1990, chuir an Fhrainc cosc ar fheol as an mBreatain[2] agus tharla an rud céanna i dtíortha eile níos déanaí.

Scaip an galar ar fud na Breataine agus mhéadaigh na cásanna gur tharla an 100,000ú cás sa bhliain 1993. Ina dhiaidh sin laghdaigh na tarluithe ó bhliain go bliain.

ESB in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2023, bhí stad curtha le onnmhairiú mairteola as Éirinn anonn go dtí an tSín de bharr "cás aitíopúil" den aicíd BSE. Ach ní hionann BSE-aitíopúil atá in ann a theacht ar bhó a bhfuil aois mhór aici, agus BSE tipiciúil a tholgaíonn beithí ó bhia truaillithe.[3]

Dúirt an Roinn Talmhaíochta ag an am nach raibh baol dá laghad ann gur i mbiashlabhra an duine a d’fhéadfadh an t-ainmhí a raibh an aicíd uirthi a ghabháil.[4]

Galar Creutzfeldt-Jakob[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith na 1990idí bhí imní fhorleathan go dtarchuirfí an galar do dhaoine.

Fuarthas gur gníomhaí prióin is cúis leis an saghas daonna den ghalar, galar Creutzfeldt-Jakob, agus go mbíonn siad flúirseach i gcolainn an ainniseora infhabhtaithe. Is dócha gur tarchuireadh an galar ó chaoirigh nó ba do dhaoine anois is arís, agus b'fhéidir ó dhuine go duine.

Ós rud é go bhfuil sé fíordheacair an prión galrach a chloí, d'éirigh na dochtúirí buartha faoi steiriliú ionstraimí i gcomhair obráidí agus chuireadar modhanna steirilithe níos déine ar bun.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""einceifealapaite spúinseach bólachta"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-11-08.
  2. "1990: France bans British beef imports" (en-GB) (1990-05-30). Dáta rochtana: 2019-05-30.
  3. Nuacht RTÉ (2023-11-08). "Cinneadh faoi easportáil mairteola chuig an tSín in achar míonna" (as ga-IE). 
  4. Nuacht RTÉ (2023-11-07). "Onnmhairiú mairteola chun na Síne ar fionraí de bharr cás BSE" (as ga-IE). 
  5. Hussey, Matt (2011). "Einceifileapaite spúinseach bhólachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 242.