Eamonn Casey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEamonn Casey
Beathaisnéis
Breith24 Aibreán 1927
Contae Chiarraí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Márta 2017
89 bliana d'aois
Contae an Chláir, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Easpag deoise
21 Iúil 1976 – 6 Bealtaine 1992
← Michael Browne (en) AistrighJames McLoughlin (en) Aistrigh →
Easpag Caitliceach Chiarraí
17 Iúil 1969 –
← Denis J. Moynihan (en) AistrighKevin McNamara (en) Aistrigh →
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMuintir na hÉireann
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmeaspag Caitliceach (1969–), sagart Caitliceach (1951–), easpag emeritus Cuir in eagar ar Wikidata
CoisreacanGaetano Alibrandi Cuir in eagar ar Wikidata

Iar-Easpag Chiarraí agus na Gaillimhe ba ea Eamonn Casey (24 Aibreán 192713 Márta 2017).[1][2][3] Bhí Casey ar dhuine den chléir na hEaglaise Caitlicí ba mhó aithne in Éirinn fiú sular tharraing scannal gnéis conspóid air.[4]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba as Na Foidhrí i gcontae Chiarraí Casey, a rugadh ar 24 Aibreán 1927. Rinneadh sagart de sa bhliain 1951. Chuir sé tús lena shaol sa chléir mar shagart i Luimneach.

Bhog sé go dtí Slough, Berkshire in 1960. Bhí Casey an-ghrinn i gcúrsaí gnó. I Sasana, bhunaigh sé an Catholic Housing Aid Society (CHAS) in Westminster and Shelter, nó the Shelter Housing Aid Society (SHAC).[5] Bhí ról aige sa scannán Cathy Come Home de chuid Ken Loach.

Thuill sé dea-cháil de bharr a chuid oibre le himircigh na hÉireann i Sasana agus bhunaigh sé cumann tithíochta chun tithíocht níos fearr a chur ar fáil do theaghlaigh de bhunadh na tíre. Níos déanaí, ba é an chéad chathaoirleach ar an eagraíocht carthanachta Trócaire.

Ceapadh ina Easpag ar Chiarraí é i 1969. Bhí Casey i dtimpiste bóthair ann.[2]

Ceapadh ina Easpag ar Ghaillimh sa bhliain 1976.

Mar Easpag na Gaillimhe, bhí dlúthbhaint ag Casey le cuairt an Phápa Eoin Pól II ar ráschúrsa Bhaile an Bhriotaigh i 1979. Bhí an tEaspag Casey féin agus a dhlúthchara, an tAthair Michael Cleary, lárnach in imeachtaí an lae.

Na meáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fear cuideachtúil cainteach ba ea Casey, a bhí lán d’aer an tsaoil agus a chuir a chuid tuairimí in iúl go neamhbhalbh, ar an teilifís srl go minic.

B’fhacthas do dhaoine gur leoithne úr ó thaobh meoin agus cur chuige a bhí ann i bhfianaise choimeádachas plúchtach an chliarlathais sna caogaidí agus sna seascaidí, cé gur chloígh sé go docht le teagasc údaráis na hEaglaise maidir le mórán ceisteanna sóisialta agus morálta.[1]

Scannail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an fhimíneacht ina steillbheatha é. Chuir na 'botúin' a rinne Casey ina shaol pearsanta isteac[6]h go mór - ar phobal na h-eaglaise in Éirinn.[7]

Baineadh stangadh as pobal na hÉireann i 1992 nuair a tháinig sé chun solais sna meáin go raibh caidreamh gnéis ag Casey le Meiriceánach mná, Annie Murphy, agus gur saolaíodh mac dóibh, Peter. Mhaígh Annie Murphy gur chuir an tEaspag brú uirthi an páiste a chur ar uchtú. Scríobh sí leabhar faoina gcaidreamh, Forbidden Fruit.

St. Pauls, Haywards Heath

Tháinig sé chun solais chomh maith go raibh íocaíochtaí á ndéanamh ag an Easpag le máthair a mhic as airgead na hEaglaise. D’éirigh Casey as a chúram agus chuaigh sé ag obair ar na misin in Eacuadór, agus níos déanaí, san eaglais St. Pauls, Haywards Heath, Sussex..

D’fhág an chonspóid a lorg ar shochaí na hÉireann agus luaitear go minic scannal an Easpaig le creimeadh chumhacht na hEaglaise Caitlicí in Éirinn.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhill Casey ar Éirinn agus é amach sna blianta. Bhí cónaí air ar feadh roinnt blianta i Seaneaglais in aice leis an nGort Inse Guaire i ndeisceart na Gaillimhe.

Chuaigh sé ansin chun cónaithe in ionad altranais i gCora Chaitlín i gContae an Chláir in 2011 agus ba ann a bhásaigh sé. D'éag in aois an cheithre scór agus naoi mbliana ar 13 Márta 2017.

D'fhreastail breis is 1,000 duine ar Aifreann Éagnairce Eamonn Casey in Ard Eaglais na Gaillimhe ar 17 Márta 2017. Dúirt an tEaspag Kelly ag an am gur cuimhin le go leor an cineáltas agus an spreagadh a thug Eamonn Casey in am an gháthair.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Corma O'Hara (13 Márta 2017). "Cormac ag a Cúig". Dáta rochtana: 2022.
  2. 2.0 2.1 "The Most Rev Eamonn Casey obituary" (en). the Guardian (2017-03-16). Dáta rochtana: 2022-12-14.
  3. "Obituary: Eamonn Casey" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-14.
  4. "Iar-Easpag na Gaillimhe Eamonn Casey tar éis bháis agus é 89 bliain d’aois" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-14.
  5. Mary Kenny (2015-06-11). "Life among the Irish in England" (en-GB). The Irish Catholic. Dáta rochtana: 2022-12-14.
  6. "Bishop Casey Revelations" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2022-12-14.
  7. 7.0 7.1 Nuacht RTÉ (2017-03-16). "Sochraid Eamon Casey i nGaillimh tráthnóna" (as ga-IE).