Donnchadh Ó hAmhsaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cláirseoir ba ea Donnchadh Ó hAmhsaigh (1695 – 5 nó 11 Samhain 1807). Thugtaí Denis Hampsey, Denis HampsonDenis Hempson air i mBéarla.

Rugadh é sa Chreag Mhór, in aice le Garbhachadh i gContae Dhoire. Chaill sé radharc a shúl in aois a thrí bliana leis an mbolgach, agus in aois a dhá bhliain déag thosaigh sé ag foghlaim conas seinm ar an gcláirseach ó Bhríd Ní Chatháin, bean uasal a bhí oilte ar an ealaín sin mar ba ghnách lena leithéidí ag an am. Bhí múinteoirí fir aige ina dhiaidh sin arbh as Connacht dóibh.[1]

Thosaigh sé ag seinm ar an gcláirseach mar cheird in aois a ocht mbliana déag, agus cheannaigh triúr pátrún cláirseach i bpáirt dó.[2] Ina dhiaidh sin shiúil sé Éire agus Albain ar feadh deich mbliana nó mar sin. Thug sé an dara cuairt ar Albain sa bhliain 1745 nuair a bhí sé beagnach caoga bliain d’aois, agus sheinn sé i nDún Éideann i láthair an Phrionsa Séarlas Éadbhard Stiúbhart. In Éirinn sheinneadh sé sna tithe móra agus i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i mbailte móra eile.[3]

Faoi dheireadh chuaigh sé a chónaí in Aird Mhic Giollagáin, áit a mbíodh muintir a mháthair ina gcónaí. Phós sé bean as Inis Eoghain agus é sé bliana is ochtó d’aois: rugadh iníon dóibh.[4] Fuair sé bás in Aird Mhic Giollagáin agus é céad is dhá bhliain déag d’aois.

A cheol[athraigh | edit source]

An chláirseach a bhí aige rinne Cormac Ó Ceallaigh as Baile na Scríne i gContae Dhoire í timpeall na bliana 1707. Bhíodh coim mhór ag a leithéid de chláirseach agus í déanta d’adhmad sailí.[5][6] Téada miotail a bhíodh inti agus tharraingítí iad leis na hingne. Uirlis an-deacair a bhí inti, agus bheadh ort tabhairt fúithi i dtús d’óige.[7]

Bhí Ó hAmhsaigh ag Féile na gCruitirí i mBéal Feirste sa bhliain 1792 agus é ar an aon chláirseoir amháin a sheinn ar an sean-nós agus a raibh an seancheol go léir aige. Chuireadh sé barr iontais ar a raibh i láthair lena mhíne a d’fhéadfadh sé nótaí maise a sheinm.

He had an admirable method of playing Staccato and Legato, in which he could run through rapid divisions in an astonishing style. His fingers lay over the strings in such a manner, that when he struck them with one finger, the other was instantly ready to stop the vibration, so that the Staccato passages were heard in full perfection.[8]

Bhí an-mheas aige ar an seancheol agus bhí drogall éigin air é a ligean leis an nglúin a bhí ag teacht.

Nótaí[athraigh | edit source]

  1. Sliocht as litir leis an Urramach George Sampson: Bunting, lch 74.
  2. Sliocht as litir leis an Urramach George Sampson: Bunting, lgh 74-5.
  3. Bunting, lch 75.
  4. Bunting, lch 76.
  5. Rimmer, lch 53.
  6. http://www.earlygaelicharp.info/Irish_Terms/
  7. Yeats, lch 13.
  8. Bunting, lch 73.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Bunting, Edward (1840). The Ancient Music of Ireland. Dublin: Hodges and Smith.
  • Rimmer, Joan (1969, 77, 84). The Irish Harp: Cláirseach na hÉireann. The Mercier Press. ISBN 0-85342-151-X
  • Yeats, Gráinne (1980). Féile na gCruitirí, Béal Feirste/The Belfast Harpers’ Festival 1972. Gael Linn. ISBN 0-86233-025-4

Féach freisin[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]