Diarmaid Ó Muirithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDiarmaid Ó Muirithe
Beathaisnéis
Breith11 Samhain 1935
Ros Mhic Thriúin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Iúil 2014
78 bliana d'aois
Vín, An Ostair Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmacadóir, iriseoir, múinteoir ollscoile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirThe Irish Times Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Gradam a fuarthas

Foclóirí, iriseoir, agus údar Éireannach ab ea Diarmaid Ó Muirithe (11 Samhain 1935 – 11 Iúil 2014)[1].

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ó Muirithe i Ros Mhic Thriúin, Contae Loch Garman. D'fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus ar Ollscoil na hÉireann. D'oibrigh sé mar mhúinteoir bunscoile, mar shaoririseoir, agus mar iriseoir sa seomra nuachta in RTÉ. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina léachtóir sinsearach le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ina chathaoirleach ar an Léann Éireannach in Ollscoil Mhuire, Halifax, Ceanada. Rinne Maurice Manning cur síos ar Ó Muirithe mar “saineolaí a bhfuil meas idirnáisiúnta air ar chanúintí, bunaithe ar a chuid eolais ar chanúintí an Bhéarla, agus ar Bhéarla na hÉireann (Hiberno-English) atá aitheanta anois mar réimse staidéir ar leith.”[2]

In 1991, d'iarr eagarthóir an Irish Times, Conor Brady, ar Ó Muirithe “roinnt píosaí” a scríobh faoin Ghaeilge, as ar fhás an colún rialta Words We Use.[3] Bailíodh na colúin le chéile i sraith ghearr leabhar ina dhiaidh sin. Mhair an colún go dtí mí na Nollag 2013. Dhírigh sé ar shanasaíocht na bhfocal a úsáidtear in Éirinn.

Fuair sé bás agus cuireadh i Vín é, áit a raibh cónaí air lena dhara bean chéile.[4][5]

Thug an file Séamus Heaney “[k]eeper of Ireland's word-hoard” air.[2]

Rogha leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Dialect of Forth and Bargy, le Terence Dolan
  • The Wexford Carols, 1982 [1]
  • The Folklore of County Wexford, le Deirdre Nuttall
  • A-Z of Irish Names for Children, 2007
  • From the Viking word-hoard: A dictionary of Scandinavian words in the languages of Britain and Ireland, 2010
  • Words We Don't Use (Much Anymore), 2012[6]
  • A supplement to the dictionary of Scandinavian words in the languages of Britain and Ireland, 2013
  • A dictionary of Anglo-Irish: Words and phrases from Gaelic in the English of Ireland, 2013
  • Last Words

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Writer and broadcaster who lived for words” (en). The Irish Times (2014-07-19). Dáta rochtana: 2019-05-15.
  2. 2.0 2.1 Ó MUIRITHE, Diarmaid (1935–2014)” (Irish). ainm.ie. Dáta rochtana: 2024-02-05.
  3. Flaherty, Rachel (2014-07-12). “Former ‘Irish Times’ columnist Diarmaid Ó Muirithe dies” (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-05-15.
  4. Death of colleague Diarmaid Ó Muirithe”. www.superannrte.ie. Dáta rochtana: 2019-05-15.
  5. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en). Independent.
  6. Ó Muirithe, Diarmaid (2011). "Words We Don't Use (Much Anymore)". Gill Books.