Deichniúr Dearmadta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaDeichniúr Dearmadta
(ga) An Deichniúr Dearmadta Cuir in eagar ar Wikidata
Baill
Patrick Maher (Contae Luimnigh,  - 7 Meitheamh 1921)

Thomas Traynor (An Tulach, 27 Bealtaine 1881 - Príosún Mhuinseo, 25 Aibreán 1921). Saighdiúir

Patrick Moran (14 Márta 1888 - Príosún Mhuinseo, 14 Márta 1921). Cúntóir

Patrick Doyle (Baile Átha Cliath, 1892 - Príosún Mhuinseo, 14 Márta 1921). Cearpantóir

Edmond Foley (An Gallbhaile, 1897 - Príosún Mhuinseo, 7 Meitheamh 1921)

Thomas Bryan (Baile Átha Cliath, 1897 - Príosún Mhuinseo, 14 Márta 1921). Leictreoir

Thomas Whelan (An Clochán, 5 Deireadh Fómhair 1898 - Príosún Mhuinseo, 14 Márta 1921)

Bernard Ryan (Baile Átha Cliath, 1901 - Príosún Mhuinseo, 14 Márta 1921). Táilliúir

Frank Flood (Baile Átha Cliath, 1 Nollaig 1901 - Príosún Mhuinseo, 14 Márta 1921)

Kevin Barry (Baile Átha Cliath, 20 Eanáir 1902 - Príosún Mhuinseo, 1 Samhain 1920). Medical student (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgrúpa daoine Cuir in eagar ar Wikidata
reilig Ghlas Naíon

Le linn Chogadh na Saoirse sa bhliain 1920 agus 1921, chuir Rialtas na Breataine in Éirinn 10 fhear chun báis i bpríosún Mhuinseo; tugadh ‘An Deichniúr Dearmadta’ orthu.[1]

Cuimhneachán

Ba iad ‘An Deichniúr Dearmadta’ ná: Kevin Barry (básaíodh 1 Samhain 1920)[2], Patrick Moran, Thomas Whelan, Francis Flood, Bernard Ryan, Thomas Bryan agus Patrick Doyle (básaíodh 14 Márta 1921), Thomas Traynor[3] (básaíodh 25 Aibreán 1921) agus Patrick Maher agus Edmond Foley (básaíodh 7 Meitheamh 1921).

Tháinig ‘An Deichniúr Dearmadta’ ó gach cearn den tír, agus iad idir 18 agus 40 bliain d’aois. Bhí mná céile agus páistí ar chuid acu, Bhí cuid eile nach raibh ach i dtús a saol. Chuir arm na Bretaine faoi thriail iad, as dúnmharú, tréas agus cogadh a imirt, agus daoradh chun báis iad. Scaip scéal a mbásuithe ar fud an domhain. Ní hamhlaidh a ligeadh i ndearmad iad, ach fágadh curtha i bPríosún Mhuinseo iad ar feadh 80 bliain.

Ar an 14 Deireadh Fómhair 2001, dhí-adhlacadh naonúr den Deichniúr agus tugadh sochraid iomlán Stáit dóibh. Athchuireadh i gcré choisricthe iad i reilig Ghlas Naíon.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Deichnúr Dearmadta: Scéal na mbásuithe i bPríosún Mhuinseo le linn Chogadh na Saoirse" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2022-03-13.
  2. Pádaí de Bléine (2020-10-28). "Scéal duine de na daoine ab óige a crochadh le linn Chogadh na Saoirse" (ga). The Irish News. Dáta rochtana: 2022-03-14.
  3. "Tullow (Gaeilge)" (en-GB). Carlow Tourism (2017-05-19). Dáta rochtana: 2022-03-14.
  4. Pádaí de Bléine (2020-10-28). "Scéal duine de na daoine ab óige a crochadh le linn Chogadh na Saoirse" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2022-03-14.