Daidí na Nollag

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarDaidí na Nollag

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállegendary saint (en) Aistrigh
Christmas gift-bringer (en) Aistrigh
carachtar miotasach
advertising character (en) Aistrigh
carachtar scannáin
carachtar greannáin
carachtar beochana
carachtar liteartha
anime character (en) Aistrigh
duine ficseanúil Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmSinterklaas (en) Aistrigh agus Naomh Nioclás Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthaithe agluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Léirithe agKevin Hart, John B. Lowe (en) Aistrigh agus Jefferson Mappin Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta cruthaithe1809 Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharDashing Through the Snow (en) Aistrigh, The Ultimate Christmas Present (en) Aistrigh, 'Twas the Night (en) Aistrigh, A History of New York, Up on the House Top (en) Aistrigh, Old Santeclaus with Much Delight, A Visit from St. Nicholas, The Life and Adventures of Santa Claus, A Kidnapped Santa Claus, Queer Visitors from the Marvelous Land of Oz, The Road to Oz, The Shanty Where Santy Claus Lives (en) Aistrigh, Jolly Old Saint Nicholas (en) Aistrigh, Santa Claus Conquers the Martians agus St. Nicholas (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaithe arSinterklaas (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathatoy maker (en) Aistrigh agus distribution manager (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CónaitheSanta Claus village (en) Aistrigh agus Santa Claus Land (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
CéileMrs. Claus Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíSanta Claus' daughter (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid detraidisiún na Nollag Cuir in eagar ar Wikidata
SiombailSt. Nicholas (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ComhionannFather Christmas (en) Aistrigh, Ded Moroz (en) Aistrigh, Sinterklaas (en) Aistrigh, Saint Nicholas (en) Aistrigh agus Joulupukki (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: 7d0c3f46-3202-42a2-9222-6b42d1ff796c Cuir in eagar ar Wikidata

Is carachtar é Daidí na Nollag (San NioclásSaintí uaireanta) (Béarla: Santa Claus, Santa) a aithnítear mar thraidisiún Nollag i dtíortha Iartharacha an domhain. Go hiondúil, deirtear gur seanfhear é agus féasóg bhán is culaith dhearg air, agus é ag fágáil bronntanais ag páistí an domhain Oíche Nollag.

Bonn eisithe san Úcráin ar Lá Fhéile Niocláis

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aintín Arie sa Fhrainc, timpeall 1850, ag tabhairt bronntanas amach. Dearmadta inniu.

Is iomaí scéal faoin easpag naofa seo ón 4ú haois san Áise Bheag atá ann, an fear a leag síos an patrún do Dhaidí na Nollag as a chuid carthanachta.[1]

1885, Chicago

Ar dtús ba thraidisiún Ollannach é San Nioclás (Sinterklass[2]); thug sé bronntanais do leanaí ar 6 Nollaig, is é sin, lá fhéile Niocláis.

I Meiriceá Thuaidh, ghlac na coilínithe Sasanacha le cuid den cheiliúradh seo mar sheanghnás Nollag, agus rinneadh Santa Claus de 'Sintaklaas na nOllannach. I dtraidisiún seo na mBéarlóirí i Meiriceá Thuaidh, tagann an fear meidhreach seo ar Oíche Nollag ar charr sleamhnáin atá á tharraingt ag réinfhianna, agus é ag dreapadh anuas an simléir leis na féiríní a fhágáil ag na leanaí. Is nós bia agus deoch a fhágáil in araicis aige fosta.

Chuaigh an carachtar Meiriceánach go mór mór i bhfeidhm ar Dhaidí na Nollag mar a thuigtear san Eoraip é. Caitheann sé an bhliain go léir ag déanamh téisclime don Nollaig agus é ag déanamh bréagán ina cheárta agus ag coinneáil diansúile ar iompraíocht na bpáistí i rith na bliana.

I gcultúir áirithe, tagann Knecht Ruprecht, Zwarte Piet nó Peadar Dubh in éindí le Daidí na Nollag. In áiteanna, is iad na síoga sa cheárta a dhéanann na bréagáin, agus i leaganacha eile den scéal tá sé pósta.

Seo mar a fheictear Daidí na Nollag sa chuid is mó d'iarthar an Domhain

Áit chónaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtíortha an Bhéarla is gnách a rá go bhfuil cónaí ar Dhaidí na Nollag sa Phol Thuaidh. I gcuid mhór den Eoraip áfach is é an scéal go bhfuil a cheárta suite in Korvatunturi, cnoc ard i Savukoski san Fhionlainn.

Ba é Markus Rautio,[3] "Markus-setä" ("Uncail Markus") a chuir tús leis an traidisiún seo agus clár páistí aige ar raidió na Fionlainne ó na fichidí go dtí na caogaidí. Roghnaigh sé Korvatunturi, toisc gur "cluas" is brí le korva na Fionlainnise: ba é an impleacht don scéal ná go raibh an cnoc mar a bheadh cluas mhór ann a cheadaigh do Dhaidí na Nollag a chloisteáil cad é a bhí idir lámhaibh ag na páistí.

Ghlac tionsclaíocht turasóireachta na Fionlainne seilbh ar an scéal seo lena leas féin a bhaint as ina gcuid fógraíochta. Le fírinne tá an cnoc suite in aice le teorainn na Rúise, agus ní féidir cuairt ach le ceadúnas ar leith a lorg ó ghardaí teorann na Fionlainne.

Daidí na Nollag inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn Daidí na Nollag go hiondúil ag tabhairt cuairte ar cheantair siopadóireachta agus siopaí eile i Meiriceá Thuaidh, in Éirinn agus sa Bhreatain, agus na páistí ag teacht ag lorg bronntanas uaidh.

Ar Lá Fhéile Niocláis,[4] tugtar na bronntanais san Ísiltír agus i gcuid den Ghearmáin. Ón taobh eile de, ba é an leanbh Íosa a bhíodh ag fágáil na mbronntanas in Éirinn sna laethanta a bhí, agus tá an nós seo beo i gcónaí i dtíortha áirithe eile, i gcuid den Ghearmáin mar shampla.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Smaointe Fánacha Aonghusa". aonghus.blogspot.com. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  2. "Sinterklaas" (as en) (2020-12-06). Wikipedia. 
  3. "Markus Rautio" (as en) (2021-06-10). Wikipedia. 
  4. ""Lá Fhéile Niocláis"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-11-03.