Dún an Uchta
Dún an Uchta | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 55 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1390438 |
Is sráidbhaile é Dún an Uchta[1] (Béarla: Eyrecourt) i gContae na Gaillimhe, Éire. Tá sé suite ar an mbóthar R356, dhá ciliméadar déag ón droichead i mBeannchar.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an sráidbhaile ainmnithe as Clann Eyre, agus tá áiteanna eile ainmnithe astu freisin, mar shampla: An Fhaiche Mhór i gCathair na Gaillimhe (Eyre Square i mBéarla). Bhí cónaí orthu i gCaisleán Dhún an Uchta (is fothrach é anois) agus tá geata miotal mór suite ag an taobh oirthearach den phríomhshráid. Tá páirc níos mó ná céad acra ansin. Bhí an chlann bainteach leis an buíon seilge áitiúil, The Galway Blazers.
Fóntais bhaile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Dún an Uchta suite ar an "Beara-Breifne Way." Tá an Beara-Breifne Way úsáidte don siúil, don rothaíocht agus ba é an chéad oidreacht bunaithe sa bhliain 1603. Tá dhá theach pobail i nDún an Uchta, Oifig an Phoist, Leabharlann, Siopa, garáiste, asraon mearbhia, siopa poitigéireachta, déileálaí tarracóra, ionad leighis, bunscoil, agus Milic Dún an Uchta GAA. Úsáideann grúpaí an halla áitiúil ó am go ham.
Gach dara bliain, i mí Meithimh bíonn féile innealra seanré ar siúl (Railí Seanré Dún an Uchta). Taispeántar seantarracóirí, innill gaile, agus innealra feirme ag an bhféile gach bliain. Gach Meán Fómhair bíonn seó talmhaíochta ar siúl. Bíonn comórtas beostoc, comórtas bácála agus comórtas garraíodóireachta.
Tá Dún an Uchta suite seachtó ciliméadar (uair an chloig) soir ó chathair na Gaillimhe agus céad ciliméadar is caoga (dhá uair) siar ó Bhaile Átha Cliath.
Caidreamh Idirnáisiúnta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Dún an Uchta ceangailte leis an sráidbhaile Gouesnac'h sa Bhriotáin.
Paróiste
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá paróiste Dún an Uchta suite thoir theas i gContae na Gaillimhe. Tá na heaglaisí Dún an Uchta, Cluain Fearta agus Milic suite anseo, agus tá an paróiste suite in aice le Abhann na Sionainne agus tá an tSuc i bhfoisceacht 16 míle uaidh.
In Dunanaughta tá dhá Eaglais; An Eaglais Chaitliceach, Naomh Bhreandáin, agus tá gloine dhaite. Tá Eaglais na hÉireann ainmnithe do Eoghan Baiste. Tá an Eaglais Chaitliceach is sine suite i Milic atá in úsáid leanúnbach ó 1414 CR. Tá uaigh Naomh Bhreandáin "An Loingseoir" agus Ardeaglais Cluain Fearta (leis a doras ailtireachta), agus dealbh ón 14 haois ar Ár Mhuire Mháthair Cluain Fearta (Our Lady of Clonfert) ann freisin.
Daoine
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Charles Burton, Moltóir Ardchúirt
- Corneilius Coughlan, Air ar bhronnadh Victoria Cross
- Roger Whittaker, amhránaí (rugadh i Nairobi é, ach cónaíonn sé i nDún an Uchta.)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Dún an Uchta/Eyrecourt | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |