Cromail in Éirinn 1649-1650

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ní fada an t-achar a chaith Cromail in Éirinn - níos lú ná dhá bhliain - agus níor éirigh chomh maith leis is a shíltear go minic, ach d'fhág sé féin agus na ginearáil a lean é rian ar an tír atá soiléir go fóill.

Oilibhéar Cromail c.1649. Robert Walker a rinne.

Cúlra[athraigh | edit source]

Faoin mbliain 1648 bhí an Chéad Chogadh Cathartha i Sasana críochnaithe agus an Pharlaimint i réim, a bhuíochas sin ar Oilibhéar Cromail agus ar cheannairí cumasacha eile. Faoi dheireadh na bliana ní raibh fágtha sa Pharlaimint ach feisirí ar mhian leo Séarlas I a thriail ar chúiseamh tréasa (dhíbir an Coirnéal Thomas Pride an chuid eile). Thaobhaigh Cromail leis na feisirí a raibh triail uathu (an “Rump”) agus bhí sé féin orthu siúd a shínigh barántas báis an Rí. Básaíodh é siúd ar 30 Eanáir 1649.

Idir an dá linn bhí Ríogaithe ag cruinniú le chéile in Éirinn, áit a ndearna siad comhaontas le Comhcheangal Chaitlicigh na hÉireann sa bhliain 1649. Ba é seo an rud ba mhó ba bhaol do Pharlaimint Shasana, go fiú má bhí Caitlicigh éigin i gcoinne an chomhaontais agus roinnt Ríogaithe Protastúnacha i Sasana ag dul de réir a chéile i leith na Parlaiminte. Dúirt Cromail féin le Comhairle an Airm ar 23 Márta 1649 gurbh iad na Éireannaigh a bhí 'the most dangerous'.[1] I Mí Mhárta cheap an Pharlaimint Cromail chun dul anonn i gceann feachtais. Chaith sé tamall maith ag fáil faoi réir agus i Mí Iúil ghluais sé féin agus a arm ó Bhristol.

Bhí gráin ag Cromail ar an Eaglais Chaitliceach. Shíl sé gur shéan sí ríthábhacht an Bíobla|Bhíobla]] agus go ndearna sí leatrom agus géarleanúint ar Phrotastúnaigh san Eoraip. Rud eile a chuaigh i bhfeidhm air ba ea ceannairc na bliana 1641 in Éirinn, nuair a mharaigh Caitlicigh roinnt Protastúnach ó Shasana agus ó Albain a chuir fúthu ar thailte na nGael. Rinneadh áibhéil ar an líon daoine a ndearnadh ár orthu agus ar an drochíde a tugadh dóibh, agus is iomaí Sasanach a chreid na scéalta uafásacha a bhí á scaipeadh. Rinne Cromail féin tagairt do na cúrsaí seo – 'the most unheard of and barbarous massacre' – agus is dócha gurbh é sin ba chúis leis an lámh chrua a choinnigh sé leis na hÉireannaigh. [2]

In Éirinn[athraigh | edit source]

Sular tháinig Cromail ní raibh i seilbh na Parlaiminte ach Baile Átha Cliath agus Doire, ach ba ghearr gur ghabh sé an chuid ba mhó den oirthear agus den tuaisceart. Ar dtús ghabh sé dhá chalafort dhaingnithe, Droichead Átha agus Loch Garman, chun go mbeadh sé in ann lón a thabhairt anall ó Shasana. I Meán Fómhair 1649 mharaigh saighdiúirí Chromail beagnach 3,500 duine i nDroichead Átha tar éis gur ghéill an baile mór – b'in timpeall 2,700 saighdiúir Ríogaí agus gach fear a raibh airm ar iompar aige, agus roinnt sibhialtach, príosúnach agus sagart.[3] I nDeireadh Fómhair 1649 tharla sléacht eile i Loch Garman, cé nach léir cén fáth ná conas. Nuair a bhí Cromail ag iarraidh dul chun socraithe bhris cuid de na saighdiúirí isteach sa bhaile mór, mharaigh 2,000 saighdiúir Éireannach agus suas le 1,500 siabhialtach, agus rinne luaith de roinnt mhaith de na tithe.[4]

Tar éis ghabháil Dhroichead Átha chuir Cromail saighdiúirí ó thuaidh chun greim a fháil ar an tuaisceart agus rinne bailte móra eile a imshuí. Ghéill Cill Chainnigh ar choinníollacha, mar a rinne a lán bailte móra eile, ar nós Ros Mhic Thriúin agus Cheatharlach, ach theip air Port Láirge a ghabháil, agus nuair a d’imshuigh sé Cluain Meala i Mí na Bealtaine, 1650, chaill sé suas le 3,000 fear sa troid sular ghéill an baile mór.[5]

D’éirigh leis áiteamh ar na saighdiúirí Protastúnacha Ríogaí i gCorcaigh teacht leis, rud ar mhór an bua ann féin é agus a thugann léargas ar a thábhachtaí a bhí cúrsaí creidimh sa chogadh seo.[6] Ach tháinig scéala chuige go raibh Séarlas II tar éis Albain a bhaint amach, agus d’fhill sé ar Shasana ó Eochaill ar 16 Bealtaine 1650. [7]

Lean an troid go ceann beagnach trí bliana tar éis dó imeacht. Ghéill Gaillimh, an baile mór deireanach a bhí ag na Caitlicigh, i Mí Aibreán 1652, agus ghéill na saighdiúirí deireanacha Caitliceacha i Mí Aibreán 1653. Coisceadh cleachtadh an Chaitliceachais agus maraíodh aon sagart a gabhadh. Meastar gur cuireadh timpeall 12,000 duine chun na nIndiacha Thiar mar sclábhaithe. Tugadh iarracht ar thalamh garbh i gCúige Connacht a roinnt ar ar fágadh de na húinéirí Caitliceacha talún, agus is dócha gur laghdaigh a gcuid den talamh i gcoitinne ó 60% go 8%.

Theip ar Chromail agus ar a nginearáil deireadh a chur leis an treallchogaíocht, áfach. Lean na Tóraithe orthu ag crá na Sasanach, agus dá dhéine iad na hiarrachtaí a tugadh ar na trodaithe úd a chloí is ea is mó a gríosaíodh chun comhraic iad.[8] Ní furasta, áfach, idirdhealú a dhéanamh idir treallchogaithe agus ropairí ina leithéid de chás.

An rian a d'fhág Cromail ar Éirinn[athraigh | edit source]

Leathchoróin a cumadh le linn Chromail, 1658. Deir an inscríbhinn Laidine: OLIVAR.D.G.RP.ANG. - SCO.ET.HIB&cPRO (OLIVARIUS DEI GRATIA REIPUBLICAE ANGLIAE SCOTIAE ET HIBERNIAE ET CETERORUM PROTECTOR) - "Oilibhéar, Cosantóir Chomhlathas Shasana, na hAlban agus na hÉireann trí Dheonú Dé".

Nuair a tháinig Cromail chun na hÉireann d’ordaigh sé nach mbainfí lón de bhunadh na haite mura n-íocfaí go cothrom as. Níor admhaigh sé riamh go raibh sé freagrach as marú sibhialtach in Éirinn, agus dúirt nach raibh sé dian ar aon dream seachas ar dhaoine a raibh airm ar iompar acu.[9] Ba é an nós míleata a bhí i bhfeidhm ag an am nach dtabharfaí trócaire d’aon bhaile mór ná d’aon gharastún nach ngéillfeadh agus deis acu chuige.[10] Dhiúltaigh garastún Sasanach Dhroichead Átha géilleadh ar dtús.

Nuair a tháinig Cromail chun réitigh le bailte móra in Éirinn, leithéidí Cheatharlach agus Chluain Meala, chloígh sé leis na coinníollacha agus chosain sé beatha agus earraí na ndaoine.[11] Deir Tom Reilly, scoláire agus údar, gur sa 19ú haois a cumadh an scéal faoi shléacht na sibhialtach i nDroichead Átha agus i bPort Láirge, ach tá scoláirí eile ann nach bhfuil ar aon intinn leis.[12]

An chuid ba dhéine den chur faoi chois rinneadh é faoi cheannas ginearál eile tar éis do Chromail imeacht. Scriosadh barra d’aonghnó agus mharaigh an dá thaobh eallach a chéile, scrios, a deirtear, ba chúis le bás timpeall 600,000 duine as daonra 1,400,000. Sa bhliain 1655 scríobh an Coirnéal Richard Lawrence, gobharnóir Phort Láirge, gur scrios an phlá agus an gorta an oiread sin daoine timpeall na mblianta 1652 agus 1653 gurbh fhéidir leat fiche nó tríocha míle slí a shiúl agus gan beo ná ceo a fheiceáil. Ba chúis iontais é deatach nó tine a fheiceáil, agus dúirt William Petty, suirbhéir na hÉireann, nach raibh le hithe ag na bochtáin ach fiaile nó feoil lofa. [13] Ba é Petty, freisin, a dúirt go raibh 1,448,000 duine in Éirinn sa bhliain 1641 agus gur cailleadh 616,000 díobh faoin mbliain 1652 – sin 504,000 Éireannach in éineacht le 112,000 coilíneach agus saighdiúir Sasanach.[14]

Is cinnte gur tháinig an-athrú ar dhreach na tíre de bharr a ndearna na húinéirí nua, agus is éard ba chionsiocair leis sin leagan na gcoillte le haghaidh curadóireachta agus adhmaid nó chun fhioghual a choinneáil leis na gceártaí iarrainn. Thug an Sasanach Gerald Boate (1652) cuntas ar an méid crann a leagadh chuige – 'an infinite number of trees'.[15]

Is é an toradh eile a bhí ar theacht Chromail meath na scothaicme Gaelaí, rud a d’fhág a rian ar chúrsaí litríochta. Na hÉireannaigh a raibh scríobh acu chuir siad a gcrá in iúl i bhfriotal ealaíonta an tseansaoil, mar a rinne Fear Dorcha Ó Mealláin, é ag cur síos ar chás na gCaitliceach úd a bhain le haicmí ab airde ná aicme an cheárdaí agus an sclábhaí agus a bhí á ndíbirt siar chun Connacht agus chun Contae an Chláir:

Colam Cille feartach caomh
's Colmán mhac Aoidh, ceann na gcliar
beid linn uile ar aon slí
‘s bígí ag caoi faoi dhul siar
Nach dtuigeann sibh, a bhráithre gaoil
cúrsaí an tsaoil le fada buan?
gé mór atá ‘nár seilbh
beag bheas linn ag dul san uaigh

Faoin mbliana 1660 bhí smacht Shasana daingean go leor, ach níorbh fhéidir le haon duine an t-imeascadh a chosc in Éirinn. Go fiú sa bhliain 1669 chonaic Ludlow go raibh mórán saighdiúirí a bhí ar stáisiún in Éirinn ag pósadh mná áitiúla, go háirithe i gCúige Connacht. Scríobh an Sasanach Robert Molesworth (A True Way to Render Ireland Happy and Secure, 1697), agus é ag machnamh ar bhuaine an chultúir Ghaelaigh: “We cannot so much wonder at this when we consider how many there are of the children of Oliver’s soldiers in Ireland who cannot speak one word of English”.[16]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Féach Lenihan, Pádraig (2000). Confederate Catholics at War (Cork University Press), ISBN 1-85918-244-5, lch 115.
  2. Beresford Ellis, Peter (1975). Hell or Connaught! The Cromwellian Colonization of Ireland 1652-1660, Hamish Hamilton, lch 21.
  3. Kenyon, John & Ohlmeyer, Jane (eag.). The Civil Wars, Oxford 1998, lch 98.
  4. Fraser, Antonia (1973). Cromwell, Our Chief of Men, agus Cromwell: the Lord Protector (Phoenix Press), ISBN 0-7538-1331-9 lgh344-46.
  5. Kenyon & Ohlmeyer, lch.100.
  6. Fraser, lgh 321-322; Lenihan, lch 113.
  7. Fraser, lch 355.
  8. Beresford Ellis, lch
  9. Philip McKeiver, 2007, "A New History of Cromwell's Irish Campaign"
  10. Woolrych, Austin (1990). "Cromwell as a soldier" as Morrill, John (eag.), Oliver Cromwell and the English Revolution, Longman, lch 111; Gaunt, lch 117.
  11. Gaunt, lch 116.
  12. John Morrill. "Rewriting Cromwell: A Case of Deafening Silences." Canadian Journal of History. December 2003: 19.
  13. Féach Beresford Ellis, lgh 8-9.
  14. Beresford Ellis, lch 25.
  15. Beresford Ellis, lch 28.
  16. Bereford Ellis, lch 249.

Leabharliosta[athraigh | edit source]

  • Beresford Ellis, Peter (1975). Hell or Connaught! The Cromwellian Colonization of Ireland 1652-1660, Hamish Hamilton, ISBN 241890713
  • de Brún, Pádraig agus Ó Buachalla, Breandán agus Ó Coincheanainn, Tomás (eag.) (athchló 1975). Nua-Dhuanaire: Cuid 1, Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath.
  • Fraser, Antonia (1973). Cromwell, Our Chief of Men, and Cromwell: the Lord Protector, Phoenix Press, ISBN 0-7538-1331-9.
  • Lenihan, Padraig (2000). Confederate Catholics at War, Cork University Press, ISBN 1-85918-244-5
  • McKeiver, Philip (2007). "A New History of Cromwell's Irish Campaign", Advance Press, Manchester, ISBN 978-0-9554663-0-4
  • Morrill, John (1990). '"Cromwell and his contemporaries", in Morrill, John (eag.), Oliver Cromwell and the English Revolution, Longman, ISBN 0-582-01675-4
  • Morrill, John (1990). "The Making of Oliver Cromwell", in Morrill, John (eag.), Oliver Cromwell and the English Revolution, Longman, ISBN 0-582-01675-4
  • Kenyon, John & Ohlmeyer, Jane (eds.) (2000). The Civil Wars: A Military History of England, Scotland, and Ireland 1638-1660, Oxford University Press, ISBN 0-19-280278-X
  • Woolrych, Austin (1990). 'Cromwell as a soldier' in Morrill, John (eag.), Oliver Cromwell and the English Revolution, Longman, ISBN 0-582-01675-4

Féach freisin[athraigh | edit source]