Criosantamam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Clann mhór plandaí bláthúla. Tá stair fhada shaothraithe ag na criosantamaim, le bláthanna móra a fhástar i ngairdíní, sa tSín is an tSeapáin. Bláth náisiúnta na Seapáine. Is hibridí coimpléascacha bláthanna an lae inniu. Saothraíodh an-chuid saothróg ar dhathanna, cruthanna is méideanna éagsúla, agus fástar go coitianta iad mar bhláthanna le gearradh is bláthanna pota. Go minic úsáidtear ceimiceáin chun plandaí dosacha gearrghasacha a tháirgeadh.