Craobh liathchorcra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tom nó crann beag duillsilteach, dúchasach do na Balcáin. Fásann sí 3-7 m ar airde, cruinneachánach, agus cuireann meatháin amach go fras. Na duilleoga idir ubhchruthach is croíchruthach i bpéirí urchomhaireacha. Na bláthanna i mbláthraí dlútha cónacha, feadánach le 4 mhaothán leata, liathchorcra nó bán, cumhra. Saothraítear go forleathan mar mhaisiúchán é.