Crann Iúdáis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crann duillsilteach a fhásann 10 m ar airde, dúchasach do réigiún na Meánmhara. Plandaítear mar mhaisiúchán go minic é. Na duilleoga gar do bheith ciorclach, croíchruthach ag a mbun. Na pisbhláthanna bándearg, ag teacht amach roimh na duilleoga de ghnáth. Na capsúil suas le 10 cm ar fhad.