Crúibín cait

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda bliantúil nó débhliantúil atá dúchasach don Eoraip, an Áise is tuaisceart na hAfraice. Go minic bíonn boladh uaidh cosúil le féar nua-bhainte ag triomú. 3 dhuilleoigín fiaclach ar na duilleoga. Na pisbhláthanna beag, buí nó bán, i mbláthraí fada caola cosúil le spící. Fástar cuid mhaith cineálacha mar fhoráiste d'ainmhithe, agus úsáidtear é chun blas a chur ar cháis.