Corn Loch na Séad
Is é Corn Loch na Séad ceann de na huirlisí ceoil is sine dá bhfuil in Éirinn. Tagann an corn ó bhéal coirn uamha de chuid na hIarannaoise. Uirlis cheoil í seo, corn, a sheinneadh daoine a chónaigh in Éirinn le linn na hIarnaoise, breis is 2200 bliain ó shin. Bhíodh sé le cloisteáil i bhfad ó bhaile. Bhí coirn den chineál céanna ag Ceiltigh san Eoraip. Shéideadh siad na coirn i gcathanna, chun scanradh a chur ar an namhaid.
Tá an corn féin in Ard-Mhúsaem na hÉireann[1] anois.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair
Tagann Corn Loch na Séad ó bhéal coirn uamha de chuid na hIarannaoise, níos déanaí ná an Cultúr Hallstat, timpeall 100 RC[2].
Creidtear gur cuireadh ann é mar ofráil reiligiúnach uair éigin i dtús ré na Críostaíochta (mar sin, cúpla céad bliain ina dhiadh an déantús).
[athraigh] Stíl
Maisithe i stíl chuarach Cheilteach mar atá Corn Loch na Séad, thángthas air le trí chorn eile den déanamh céanna i mbun locha i gContae Ard Mhacha.
[athraigh] Samhaltán
Tagann samhaltán agus trádmharc Taisce Cheol Dúchais Éireann Corn Loch na Séad[3]. Úsáidtear an samhaltán le caoinchead Ard-Mhúsaem na hÉireann.