Conchúr Ó Mathúna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaConchúr Ó Mathúna
Beathaisnéis
Breith1594
Bás28 Feabhra 1656
61/62 bliana d'aois

Íosánach as Múscraí agus ollamh le diagacht ba ea Conchúr Ó MathúnaConor O'Mahony, srl[1] (c. 1594 - 28 Feabhra 1656).[2][3] Náisiúnaí Caitliceach ba ea é chomh maith agus chuir sé fís shimplí chun cinn ina leabhar (Disputatio apologetica...)[4] a d'fhoilsigh sé sa bhliain 1645: muintir na hÉireann prionsa Caitliceach dúchais a tharraingt chucu féin in ionad Shéarlais 1,[5] agus na Protastúnaigh go léir a mharú nó a ruaigeadh as an tír.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh an Mathúnach isteach i gColáiste na nGael in Sevilla tuairim 1614 agus oirníodh é 21 Nollaig 1619. Ansin Lá ‘le Pádraig 1621, chuaigh sé isteach i nóibhíseacht na nÍosánach i Liospóin. Cuireadh é i 1626 go dtí Angra sna hAsóir mar ollamh le fealsúnacht mhorálta ar feadh seacht mbliana.[6]

Tugadh cathaoir na fealsúnachta morálta in Evora[7] dó i 1633. Thug sé a phroifisiún deiridh mar Íosánach i 1636 agus d’aistrigh go Liospóin mar a raibh cathaoir na diagachta dogmaí aige ar feadh cúig bliana.[6]

Fuair an Mathúnach bás tobann i Liospóin ar 28 Feabhra 1656 agus in aois 62 dó. Níl an tsiocair bháis a bhí aige ar eolas againn ach bhí sé i mbarr a shláinte ag an am, nó sin a dúradh.

Portadown Massacre[8] (1641) le Wenceslaus Hollar, in James Cranford, Teares of Ireland (Londain, 1642).

Saothar agus gríosú chun fuatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1645, d'fhoilsigh an Mathúnach leabhar 'Disputatio apologetica...', nó 'An argument defending the right of the kingdom of Ireland'.[9] a tharraing conspóid agus aird na hÉireann air.[10] ‘Ina leabhar tharraing sé gan bac as teagasc Bellarmine is Suárez agus chosain sé go láidir an teoiric gur tríd an bpobal ('sed mediante humana voluntare') a fuair na ríthe a gcumhacht agus, mar sin, go raibh sé de cheart ag pobal tíoránach nó eiriceach de rí a athrí’.[5]

Bhí an ceart ar fad, dar leis, ag na Gaeil éirí amach i gcoinne na n-eiriceach sa bhliain 1641; mharaíodar 150,000 acu idir 1641 agus 1645.ǃ As síolteagasc Shasana ar an mór-roinn a thóg sé an figiúr sin na marbh, is cosúil, figiúr thar cailc ar fad.[11][12][13] Ba é a bhí le déanamh anois, dar leis an chuid eile a mharú nó a ruaigeadh as an tír. agus ba cheart dóibh leanúint orthu go dtí go mbeadh Éire glan díobh ('sicut Hebrei fecerunt & Deus praecepit̠').

Ba cheart do na Gaeil sampla na nIosraeilíteach fad ó shin is sampla na Portaingéile ó chianaibh a leanúint, forlámhas na n-eiriceach a bhriseadh go deo agus rí Caitliceach dúchais dá gcuid féin ('regem Catholicum, & vernaculum seu naturalem Hibernum') - a thoghadh; ó b'eiriceach is ó b'eachtrannach é Séarlas, ní raibh aon teideal aige chun coróin na hÉireann agus níor ghá do Chaitlicigh aon ghéillsine a thabhairt dó; níorbh aon pheaca é rí eiriciúil a mharú.

Gríosú chun fuatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cinnte gur tugadh aird ar an leabhar, ní hamháin nuair a foilsíodh é ach go cionn tamaill fhada ina dhiaidh sin agus is cinnte gur mhúscail an leabhar díospóireacht athuair ar cheist bhunúsach na dílseachta don choróin. Is beag bá a nocht an t-uaslathas Caitliceach leis: tugadh seanmóirí ina choinne ar fud na tíre agus d'ordaigh Comhchomhairle Chill Chainnigh go ndóifí go poiblí é.

Ach de réir na fianaise a tógadh síos ó na plandóirí bhí go leor de na ceannaircigh, i measc an daoscair go háirithe, a bhí ag cuimhneamh mar a bhí Ó Mathúna; ar rí dúchais dá gcuid féin a bheith orthu athuair; rí dúchais mar mhalairt ar rí iasachta, an uaisle dhúchais i réim in ionad eachtrann.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Conchobhar Ó Mathghamhna, Cornelio de San Patricio, Cornelio Mahuno, Patricio O'Mahony, Conon O'Mahony, Constantine O'Mahony, Mahun, De Rocha, Marullus, Cornelius de San Patricio, Cornelius a San Patricio, Connor O'Mahony, nó Cornelius O'Mahony
  2. "O'Mahony, Conor, 1594-1656, Jesuit priest - Irish Jesuit Archives". www.jesuitarchives.ie. Dáta rochtana: 2023-02-28.
  3. "O'Mahony, Conor | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-02-28.
  4. 'Disputatio apologetica, de iure Regni Hiberniae pro Catholicis Hibernis aduersus haereticos Anglos. Avthore C.M. Hiberno, Artium et Sacrae Theologiae Magistro. Accessit einsdem authoris ad eosdem Catholicos exhortatio. Francofvrti; Superiorum permissu typis Bernardi'
  5. 5.0 5.1 5.2 Breandán Ó Buachalla (1996). "Aisling ghear: na Stíobhartaigh agus an taos léinn, 1603-1788" (as Irish). Baile Átha Cliath: Clochomhar. 
  6. 6.0 6.1 "O MAHONY, Cornelius (c.1594–1656)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-02-28.
  7. "University of Évora" (as en) (2022-02-19). Wikipedia. 
  8. "Portadown massacre" (as en) (2023-01-17). Wikipedia. 
  9. "An Argument Defending the Right of the Kingdom of Ireland (1645)" (en). BOOKS.IE. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-02-28. Dáta rochtana: 2023-02-28.
  10. Nick Maxwell (2013-03-01). "An argument defending the right of the kingdom of Ireland (1645)". History Ireland. Dáta rochtana: 2023-02-28.
  11. "It embittered the feeling between Protestants and Catholics, and O'Mahony's rhetorical flourish about the killing of 150,000 of "the heretics" between 1641 and has ever remained an argument in the hands of those who sought to fasten the disgrace of a deliberate and hideous massacre upon the Irish people.̊ https://en.wikisource.org/wiki/Page:A_Compendium_of_Irish_Biography.djvu/425
  12. "Connor O'Mahony - Irish Biography". www.libraryireland.com. Dáta rochtana: 2023-02-28.
  13.  'The Protestant death toll was most recently put at between 4,000 and 12,000, mainly in Ulster.' "Bloody history of the 1641 rebellion is published online" (en-GB). BBC News (2010-10-23). Dáta rochtana: 2023-02-28.