Comhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eagraíocht a bunaíodh faoi Chonradh na Róimhe (1957) mar chuid de ghluaiseacht chomhtháite na hEorpa is ea an Comhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach (EURATOM). Cónascadh leis an gComhphobal Eorpach do Ghual is Cruach i 1962 é chun an Comhphobal Eacnamaíoch Eorpach a chruthú. Tá mar chuspóirí aige feidhmeanna síochánta an fhuinnimh núicléach a chur chun cinn, chun leictreachas a ghiniúint go háirithe. Tá margadh aonair Eorpach d'ábhair núicléacha ann ó 1959 ar aghaidh.