Colún reatha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Colún reatha a 2 faoi cheannas Sheáin Uí Ógáin, an Treas Bhriogáide Thiobraid Árainn, i rith Chogadh na Saoirse in Éirinn.

Is aonad beag, neamhspleách, soghluaiste é colún reatha[1] (buíon aistreach uaireanta), de shaighdiúirí agus trodairí a bhogann go mear chun cogadh a fhearadh ar a namhaid, go háirithe na grúpaí sin a bhí ag feidhmiú i rith Chogadh na Saoirse in Éirinn. Dá bhíthin sin, ní iompraítear mórán trealamh agus airm. Taistealaíonn siad go mear i bhfeithiclí nó in ingearáin. Fadó, bhogadh colúin reatha de shiúl na gcos nó ar mhuin capall.

D'eagraigh Óglaigh na hÉireann colúin reatha i rith Chogadh na Saoirse in Éirinn le go mbeidís in ann dul i ngleic le díormaí de phóilíní agus saighdiúirí Sasanacha. D'éirigh go geal leis an mbeartas seo mar d'fhan na Sasanaigh i ndúnta sna bailte fad is a bhí na ceantair tuaithe faoi smacht na nÓglach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): colún reatha” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-27.