Coinbhinsiúin na Háige 1899 agus 1907

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCoinbhinsiúin na Háige 1899 agus 1907
Map
Cineálconradh Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisAn Domhan Cuir in eagar ar Wikidata
CúisCoinbhinsiúin na Háige 1899 agus 1907 Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid


An chomhdháil síochána, 1899ː pálás Huis ten Bosch

Is bunús an dlí idirnáisiúnta maidir le coinbhleacht armtha é Coinbhinsiún na Háige.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mikhail Nikolayevich Muravyov

Sa bhliain 1898, mhol Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise, An Cunta Mikhail Nikolayevich Muravyov, ag gníomhú thar ceann An tSáir Nioclás II, go ngairfí comhdháil chun plé a dhéanamh ar na bealaí arbh fhéidir srian a chur ar an armrás agus an cogadh a sheachaint.[2] Tharla Chéad Chomhdháil Síochána na Háige mar gheall air, a bhí ina suí ó mí Bealtaine go mí Iúil 1899.

Rinne coinbhinsiúin maidir le réiteach síochánta díospóidí idirnáisiúnta (as ar tháinig an Bhuan-Chúirt Eadrána[3]),

  • maidir le dlíthe agus nósanna an chogaidh ar talamh agus chun prionsabail Choinbhinsiún na Ginéive de 22 Lúnasa 1864 a oiriúnú don chogaíocht ar muir agus
  • dearbhuithe maidir le cosc ar dhiúracáin nó pléascáin a scaoileadh ó balúin nó trí mhodhanna nua eile comhchosúla[4],
  • maidir le cosc ar úsáid a bhaint as diúracáin nach raibh d'aidhm acu ach gáis aisfisceacha nimhiúla a scaipeadh agus
  • maidir le cosc ar úsáid a bhaint as piléir ar féidir leo borradh go heasca nó a bhfoirm a athrú laistigh de chorp an duine, ar nós piléar le clúdach crua nach gclúdaíonn an croí go hiomlán (piléir bhog-phointe) nó a bhfuil eangaí iontu (piléir dhumdum).
An dara chomhdháil síochána, 1907

Athdhearbhaíodh agus leathnaíodh an méid a rinne Comhdháil 1899 ag dara Comhdháil Síochána na Háige sa bhliain 1907. Cé go bhfuil an chuid is mó dá leagadh síos i 1899 agus 1907 caite i gcártaí anois trí chonarthaí níos déanaí,[5] is bunús an dlí idirnáisiúnta maidir le coinbhleacht armtha iad na Comhdhálacha.

Coinbhinsiún na Háige agus Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is soiléir go maith rian Choinbhinsiún 1907 um Réiteach Síochánta Díospóidí Idirnáisiúnta ar Airteagal 29.2 de Bhunreacht na hÉireann.

Inniu, mar aon le bheith ina stát is páirtí le Reacht Chomhdháil na Háige, is stát is páirtí í Éire freisin sna Coinbhinsiúin a formhíníodh faoi scáth Chomhdháil na Háigeː féach anseo.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. focail.ie. "Háig". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-01-22. Dáta rochtana: 2020.
  2. Scoil Dlí, CÓBAC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-08-24.
  3. "Home | PCA-CPA". pca-cpa.org. Dáta rochtana: 2020-08-24.
  4. nár pháirtí ann an Ríocht Aontaithe
  5. Department of Foreign Affairs. "An Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach - Department of Foreign Affairs" (en). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-08-24.