Cleamhnas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is brí le cleamhnasfear agus bean a thabhairt in araicis a chéile le lánúin a dhéanamh díobh agus le pósadh a shocrú dóibh. Ba nós le muintir na Gaeltachta - agus le muintir na tuaithe i nGalltacht na hÉireann féin - cleamhnas a dhéanamh do na cailíní óga beag beann ar a dtoil féin i bhfad ní ba deireanaí ná sa chuid eile d'Iarthar na hEorpa.

Rinneadh trácht ar na nósanna cleamhnais ina lán leabhar Gaeilge faoi sheansaol na hÉireann - Peig le Peig Sayers, mar shampla. Ón taobh eile de, is éard is ábhar don úrscéal úd Tae le Tae le Maidhc Dainín Ó Sé ná ceannairc na ndaoine óga in aghaidh an chleamhnais agus na bpóstaí socraithe den tseanchineál.

An Cleamhnas Gaelach[athraigh | edit source]

An fear a raibh bean chéile ag teastáil uaidh, thabharfadh sé aghaidh ar theach an chailín le clapsholas. De ghnáth, bheadh buidéal uisce beatha ("buidéal cúig naigín") aige, agus fear eile ina chuideachta - cara leis a bheadh sásta é a mholadh os comhair athair na brídeoige. Nuair a bhainfidís teach an chailín amach, thabharfaidís an buidéal d'fhear an tí, agus ansin, shocródh an triúr fear acu an scéal eatarthu agus iad ag ól an uisce beatha. Ní chuirfidís ceist ar bith ar an gcailín. Go bunúsach, ní bheadh ach an cailín ba sine de chlann iníonacha an tí ar fáil le haghaidh pósadh - an iníon a bhí "in aice an dorais", mar a déarfá. Má bhí iníon eile ag teastáil ón gcuairteoir, chaithfeadh sé fanacht go mbeadh na hiníonacha eile pósta cheana féin.

Ní raibh mórán bainte ag an ngrá rómánsúil leis an gcleamhnas, ar ndóigh. Ba é an rud ba mhó ba suim le fear an tí, an raibh an suiríoch ag saothrú sách maith le bia agus beatha a choinneáil le teaghlach, an raibh feirm mhaith talún nó maoin shaolta eile aige. Ón taobh eile de, is léir go raibh an spré (nó an crodh i nGaeilge Uladh) ar ceann de na clocha ba mhó ar phaidrín an ghrúim.

D'fhéadfaí an cleamhnas a fhágáil faoin duine a dtugtaí basadaeirbabhdóir air, is é sin, duine a raibh sé mar phroifisiún aige cleamhnaisí a dhéanamh do dhaoine óga. Ba é Dan Pheaidí Aindí Ó Súilleabháin ó Chiarraí an basadaeir ba chlúití in Éirinn riamh, agus deirtear go ndearna sé ceithre chéad cleamhnas.

I Lios Dúin Bhearna i gContae an Chláir, is gnách Féile an Chleamhnais a cheiliúradh inniu féin, i Mí Mheán Fómhair. Is ar éigean is féidir a rá gur ócáid shocraithe cleamhnaisí atá ann - thar aon rud eile, is ócáid pléaráca é a tharraingíonn turasóirí go dtí an áit.