Clark Leonard Hull

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Síceolaí a rugadh in Akron, Nua-Eabhrac ab ea Clark Leonard Hull (1884-1952). Shaothraigh sé teoiric mhatamaiticiúil ar an bpróiseas foghlama, a rinne iarracht iompar foghlama a leagan amach i roinnt prionsabal simplí aicsímeach. Tháinig teoiric an athneartaithe isteach go mór ina theoiric, a d'fhoilsigh sé ina leabhar Principles of Behavior (Prionsabail an Iompair, 1943).