Cimabue

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Péintéir a rugadh i bhFirenze na hIodáile ab ea Cimabue (Cenni di Peppi, c 1240-c 1302). Ar dtús rinne sé péintéireacht thraidisiúnta Bhiosántach, ach d'iompaigh go luath ar an nádúr, rud a raibh tionchar suntasach aige ar a dhalta Giotto. Rinne sé cuid mhaith freascónna in Eaglais Phroinsias Assisi, ach rinneadh an-damáiste dóibh sa chrith talún ansin i 1997.