Christopher Nolan (scríbhneoir)
| Christopher Nolan | |
| Dáta breithe | 6 Meán Fómhair, 1965 |
| An Muileann gCearr, Éire | |
| Dáta báis | 20 Feabhra, 2009 |
| Ospidéal Beaumont, Baile Átha Cliath | |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Gairm | Úrscéalaí, gearrscéalaí, file |
Ba scríbhneoir agus file Éireannach é Christopher Nolan (6 Meán Fómhair 1965 - 20 Feabhra 2009[1]). Bhain sé ardcháil amach nuair a ghnóthaigh sé duais litríochta Whitbread dá leabhar dírbheathaisnéiseach, Under the Eye of the Clock, sa bhliain 1988. Bhí pairilis cheirbreach air ó rugadh é, mar gheall ar easpa ocsaigine a bhí air le linn na breithe agus ní raibh lúth na ngéag ná a choirp aige dá bharr. Ach níor mhaolaigh an mháchail fhisiceach sin ar a intleacht in aon chor, rud a bhí soiléir óna shaothar scríofa.
Clár ábhair |
[athraigh] Óige
Rugadh Christopher Nolan do Joseph agus Bernadette Nolan agus bhí deirfiúr amháin aige, darb ainm Yvonne. Tógadh é sa Mhuileann gCearr, i gContae na hIarmhí, ach bhog sé go Baile Átha Cliath dá oideachas. Agus é ag cur faoi sa phríomhchathair, d'fhreastail sé ar Scoil an Chlinic Lárnaigh Íocshláintigh, ar Scoil Chuimsitheach Mount Temple agus ar Choláiste na Tríonóide.
[athraigh] Saol agus Saothar
Cé nach raibh cumas corpartha aige, bhíodh sé in ann a cheann a bhogadh méid áirithe agus d'úsáideadh sé gléas scríofa speisialta a bhíodh ceangailte dá cheann, le bheith ag scríobh. Ceapadh é ina bhall d'Aosdána i 1998. Bhronn Cumann Scríbhneoirí na Náisiún Aontaithe Bonn Feabhais air agus bhronn Ollscoil Lancaster dochtúireacht oinigh air sa bhliain 1991.
[athraigh] Bás
Fuair an Nuallánach bás tar éis dó tachtadh ar a chuid bia. Shíothlaigh sé ag 2.30am ar 20 Feabhra 2009, in Ospidéal Beaumont, i mBaile Átha Cliath.
[athraigh] Leabhair
- Dam-Burst of Dreams - Dánta agus gearrscéalta (1981)
- Under the Eye of the Clock - Dírbheathaisnéis (1987)
- Torchlight and Lazer Beams - Leagan drámaíochta dá dhírbheathaisnéis, Under the Eye of the Clock (1988)
- The Banyan Tree - Úrscéal (1999)