Chennai

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Chennai (சென்னை)
Madras (மெட்ராஸ்)
Chennai (சென்னை)
Suíomh

13°5′ Thuaidh 80°16′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of India.svg India
Stát: Tamil Nadu
Méara: M. Subramaniam
Déimeagrafaic
Achar: 181.06 km²
Daonra: 4.59 milliún
Dlús daonra: 14,350/km²
Airde: 6 m
chennaicorporation.gov.in

Is príomhchathair stát Indiach Tamil Nadu í Chennai (nó Madras mar a bhíodh aithne uirthi). Tá timpeall 8 milliún ina gcónaí sa chathair, beagnach 10% daonra an stáit. Is í an chúigiú chathair is mó in India. Tá sí suite ar chósta Bhá an Bengal.

Bhunaigh na Briotanaigh an chathair sa 17ú haois agus ba ionad mór mairnéalachta agus uirbeach í. Ba ionad mór riarthach í, príomhchathair Uachtaránacht Madras, le teacht an 20ú aois.

Tá bonn tionsclaíochta leathan ag an gcathair i dtionscail gluaisteán, teicneolaíochta, déantúsaíochta agus cúraim sláinte. Tá sciar mór de mhótarthionscal na hIndia lonnaithe sa chathair.