Charles Lyell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Geolaí Albanach a bhí ina cheannródaí don gheolaíocht nua-aoiseach ab ea Charles Lyell (1797-1875). Go dtí tús an 19ú céad, chreid beagnach gach éinne nach raibh an Domhan ach na mílte bliain d'aois agus go raibh cruth an Domhain, na sléibhte, na farraigí, na haibhneacha, na hoileáin is na h-ilchríocha gan athrú ó thús ama, ach amháin ag catastróf mar thuile Naoi. Ach d'fhoilsigh Lyell leabhar iomráiteach, Principles of Geology (Prionsabail na Geolaíochta, 1830) inar chuir sé síos ar a choincheap go raibh an Domhan á athrú an t-am ar fad. Thaispeáin sé conas a thug na fosuithe éagsúla carraigeacha is na hiontaisí de neacha beo a bhí stalctha sna carraigeacha fianaise ar an gcoincheap sin. D'ainmnigh sé cuid de na réanna geolaíocha. Ní hamháin gur leag Lyell bunsraith na geolaíochta nua-aoisí, ach ba mhór an spreagadh a mhodh oibre do Darwin ina chuid oibre siúd ar an éabhlóid bhitheolaíoch. Ina leabhar The Geological Evidence of the Antiquity of Man (An Fhianaise Gheolaíoch ar Ársaíocht an Duine, 1863) thug sé tacaíocht d'obair agus conclúidí Darwin.