Ceann tairbh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iasc beag a mhaireann ar thóin locha is aibhneacha ar fud tuaisceart na hEorpa. An cholainn téagartha, suas le 10 cm ar fhad, le ceann leathan leata. Beirtear na huibheacha faoi chlocha, agus déanann an fireannach cosaint orthu. Itheann sé inveirteabraigh, crústaigh go háirithe. Tugtar an t-ainm seo ar éisc mara eile is anglaití Meiriceánach freisin.