Ceann an Chairn, Loch Garman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCeann an Chairn, Loch Garman

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°10′14″N 6°21′20″W / 52.1706°N 6.3556°W / 52.1706; -6.3556
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Loch Garman Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1165667

Ceann tíre agus sráidbhaile in oirdheisceart Chontae Loch Garman é Ceann an Chairn[1]an Carn (Carnsore Point i mBéarla), a bhain clú amach i 1977, nuair a chinn Rialtas na hÉireann, agus Desmond O'Malley an t-aire Fuinnimh, stáisiún ginte leictreachais núicléigh a bhunú ann, i gCeann an Chairn. Bhíothas i mbun agóide ag an suíomh agus ar fud na tíre sna blianta 1977-79. Tá cáil go fóill ar na mórchoirmeacha ceoil a eagraíodh "Get to the Point" (1978) agus "Back to the Point" (1979) agus bhí coirmeacha beaga in áiteanna eile chun aird an phobail a tharraingt ar chinneadh an rialtais.

Bhí an-bhaint ag an gceoltóir Christy Moore leis an bhfeachtas. Mar gheall ar an agóidíocht ghéill an rialtas faoi dheireadh i 1979, ag rá nach raibh an tír sách mór do stáisiún núicléach. Ní dhearnadh aon fhorbairt ar an suíomh ó shin, agus tá Éire saor ó stáisiúin núicléacha fós.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]