Carlos Franqui

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Carlos Franqui
CarlosFranquiThumb.jpg
Carlos Franqui os comhair phictiúir le ceann amháin de a chuid dánta, Pórtó Ríce, 2006
Dáta breithe 4 Nollaig, 1921
  Cúba
Dáta báis 16 Aibreán, 2010
  Pórtó Ríce
Náisiúntacht Cúbach
Gairm Scríbhneoir, file, iriseoir, léirmheastóir ealaíne, agus gníomhaí polaitiúla.

Scríbhneoir Cúbach, file, iriseoir, léirmheastóir ealaíne, agus gníomhaí polaitiúil ba ea Carlos Franqui (16 Aibreán, 2010 - 4 Nollaig, 1921). Tar éis coup d'état na bliana 1952, a d'eagraigh Fulgencio Batista, ghlac sé páirt san "Movimiento 26 de Julio", a bhí faoi stiúr Fidel Castro. Nuair a d'éirigh leis an Réabhlóid Chúbach, sa bhliain 1959, cuireadh é i gceannas ar Revolución, agus deineadh páipéar oifigiúil as ina dhiaidh sin. Tar éis difríochtaí leis an réimeas, d'fhág sé Cúba lena theaghlach agus sa bhliain 1968 bhris sé go hoifigiúil leis an rialtas nuair a shínigh sé litir a cháin an t-ionraidh Sóivéadach ar an tSeicslóvaic. Go minic, nochtfadh sé tuairimí léirmheasa in aghaidh beartas an Rialtais Cúbach, go dtí go bhfuair sé bás ar 16 Aibreán, 2010.