Carl David Anderson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Carl Anderson

Fisicí a rugadh i Nua-Eabhrac ab ea Carl David Anderson (3 Meán Fómhair 190511 Eanáir 1991). D'fhionn sé an posatrón i 1932, rinne taighde suntasach ar gháma-ghathanna is gathanna cosmacha, agus chruthaigh go raibh cáithnín le mais mheánach ann darb ainm an múón. Roinn sé Duais Nobel sa bhfisic le Victor Hess i 1936 as fionnadh an phosatróin.