Gathanna cosmacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Radaíocht a thagann ar Domhan ón spás ina mbíonn, den chuid is mó, prótóin, alfa-cháithníní is núicléis eile. Chomh maith leo siúd, bíonn leictreoin ardfhuinnimh is fótóin a chuireann tús le radaíocht thánaisteach san atmaisféar. De bhrí go bhfuil an Domhan ag fáil sruth leanúnach radaíochta ón spás, meastar go bhfuil an Chruinne iomlán lán de radaíocht chosmach chúlrach, comhdhéanta as fótóin ón Ollphléasc. Ar ámharaí an tsaoil, imbhuaileann an-chuid de na bunghathanna cosmacha le móilíní an atmaisféir, á n-ianú agus ag déanamh gathanna tánaisteacha cosmacha nach bhfuil chomh fuinniúil leis na bunghathanna ar chor ar bith. Mar sin féin, meastar go gcuireann na gathanna tánaisteacha tús le hathruithe géiniteacha i bplandaí is ainmhithe ar Domhan de réir a chéile. Ba é an fisicí George Gamow a thairg an radaíocht chosmach chúlrach den chéad uair. De bhrí go bhfuil an Chruinne ag forleathnú an t-am ar fad, ba chóir go mbeadh cuid bheag de bhunteas na hOllphléisce ann fós. Más rud é gur astaíodh na fótóin ón Ollphléasc sa raon infheicthe tonnfhad, ba chóir go mbeadh siad aistrithe faoi seo ag forleathadh na Cruinne go dtí tonnfhaid níos mó is minicíochtaí níos lú (agus tonnfhaid mhicreathonnacha, ag iarmhairt Doppler). Tá an-iarracht ar siúl ag réalteolaithe an radaíocht iarmharach seo a bhrath is a thomhas, chun teacht ar thuiscint níos fearr ar an Ollphléasc is tús na Cruinne.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gathanna cosmacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 308.