Carcainigin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aon ábhar, radaíochtvíreas a chuireann tús le hailse. Meastar go bhfuil an-chuid díobh sceite sa chomhshaol ag daoine le cúpla céad bliain. Mar shamplaí, tá fo-iarsmaí dóite guail is ola, caitheamh tobac, agus fiú ceimiceáin shaorga a chuirtear le bianna, atá ciontach a bheag nó a mhór i dtosú ailsí. Is féidir leis na radaíochtaí inianaíocha go léir — gáma-radaíocht, X-radaíocht, radaíocht ultraivialait — tús a chur le hailsí freisin ach duine nó ainmhí dáileog mór go leor a fháil. Ciallaíonn dáileog, a bheag nó a mhór, iolrú na déine leis an bhfad ama a lonraíonn an radaíocht an ball den cholainn. Tagann radaíocht ultraivialait chugainn ón nGrian, agus tugann an ciseal ózóin oiread cosanta dúinn uaithi. Ní thosaíonn an ailse díreach i ndiaidh na dáileoige ach bíonn moill eatarthu i gcónaí, suas leis na blianta.