Capall mara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Capall mara
Hippocampus.jpg
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Animalia
Fíleam: Chordata
Aicme: Actinopterygii
Fo-aicme: Elasmobranchii
Ord: Syngnathiformes
Fine: Syngnathidae
Géineas: Hippocampus

Is iasc beag oirirc forleathan é an capall mara, a fhaightear faoi cheilt i measc algaí is fás muirí eile de ghnáth. Armúr roinnte i dteascáin ar an gcolainn, agus eireaball caol inghreama, 4-30 cm ar fhad. An soc fadaithe ina cheann, cosúil le capall. Snámhann sé go hingearach san uisce le heití fíneálta scannánacha. Itheann sé orgánaigh bheaga phlanctóin. Forbraíonn an fireannach na huibheacha agus iompraíonn an t-ál.