Caisleán na Cathrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Caisleán na Cathrach

Caisleán na Cathrach ar na caisleáin is mó i bPoblacht na hÉireann. Chuir an tiarna Conchúr Ó Briain á thógáil ar oileán sceireach in abhainn na Siúire sa bhliain 1142, áit a raibh daingean cloiche (nó ‘cathair’) cheana. Ba shampla é den daingniú a thug na Normannaigh isteach, agus tiarna de shliocht na Normannach a shealbhaigh é ina dhiaidh sin; sa bhliain 1375 bronnadh an caisleán ar Shéamas de Buitléir, a rabhthas tar éis Barún na Cathrach a dhéanamh de toisc a dhílse a bhí sé d'Éadbhard III, Rí Shasana.

D’fhan an caisleán i seilbh na mBuitléarach, agus cuireadh go mór leis sa 15ú haois agus sa 16ú haois. (Is í an chuid is sine de an taobh is gaire don tsráid.) Thaobhaigh Buitléaraigh na Cathrach le hAodha Rua Ó Néill agus é ag dul i ngleic le fórsaí na Banríona Eilís sa dara cuid den 16ú haois. B’fhéidir go raibh an caisleán ar an daingean ba láidre in Éirinn ag an am, agus sa bhliain 1599 chuir Robert Devereux, Iarla Essex, faoi léigear é. Theip air é a ghabháil nó go bhfuair sé dhá ghunna mhóra ó Phort Láirge. I gceann trí lá bhí an caisleán gafa aige, mar, mar a deir Annála Ríochta Éireann, ‘leagadh an leath ba neasa dóibh den bhaile [an taobh thoir], gonadh iar sin dob éigean dóibh sin an baile a thabhairt d’Iarla Essex agus don Bhainríon’.

I gcogaí an 17ú haois cuireadh an caisleán faoi léigear arís dhá uair. Sa bhliain 1647 ghéill George Mathew, caomhnóir Thiarna óg na Cathrach, do Thiarna Inse Choinn, fear páirte na Parlaiminte, tar éis dó siúd bua a fháil ag Cnoc na nEas. Sa bhliain 1650 ghéill sé arís do Chromail nuair a dúirt sé siúd leis an ngarastún go ligfeadh sé dóibh ‘march away with your baggage, arms, and colours, free from injuries or violence’. Gnáth-thairiscint ba ea í sin i gcúrsaí cogaidh ag an am agus glacadh léi, ó ba léir nach seasfadh an caisleán i gcoinne na ngunnaí móra.

Caisleán na Cathrach

Bhí an caisleán ag dul chun raice faoi am seo, agus ba mhar sin dó go ceann dhá chéad bliain eile. Sa bhliain 1840 d’iarr Iarla Ghleann Gall ar William Tinsley an Halla Mór a dheisiú, obair a chríochnaigh sa bhliain 1846. Ar an drochuair níor chóiriú cruinn é ó thaobh na staire de, ach d’fhág sé an chuma ar an gcaisleán atá air go fóill.

Cailleadh Tiarna deiridh na Cathrach sa bhliain 1961, agus thit an caisleán ar an stát. Dúchas a choinníonn caoi anois air.

Tá tarraingt na gcuairteoirí ar an gcaisleán i gcónaí. Tá turais threoraithe le fáil agus seónna closamhairc ina lán teangacha.

Féach freisin[athraigh | edit source]

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]