Caisleán Luzech

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Luzech
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinLuzech, An Fhrainc
Map
 44°28′48″N 1°17′11″E / 44.479925°N 1.28634°E / 44.479925; 1.28634
Séadchomhartha stairiúil cláraithe
Am11 Iúil 2022
AitheantóirPA00095151
Monument historique classé
Am18 Feabhra 1905
AitheantóirPA00095151

caisleán Luzech suite i gceantar Luzech sa Fhrainc, i gcríoch riaracháin Lot. Tá sé ina fhothrach.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir easpag Cahors, Guillaume de Cardaillac (1209-1234), smacht ar ghleann íochtarach d’abhainn an Lot i ndiaidh chrosáid na nAilbíseach agus é ag coigistiú mhaoin na dtiarnaí eiriceacha a thaobhaigh le cunta Toulouse.[1][2] D’fhódaigh an t-easpag é féin i ndaingin Bélaye, Albas, Puy-L’Évêque et Luzech.

In 1212 rinne Simon de Montfort luaith den bhaile mór. In 1227 ghabh easpag Cahors seilbh ar a raibh ann de chaisleán Luzech agus rinneadh príomhthiarna na háite de. Atógadh an caisleán timpeall na bliana 1230 agus thug an t-easpag cead do bharún Luzech caisleán eile a thógáil ar charraig na Trincade, caisleán níos lú nach maireann de ach roinnt iarsmaí. In 1257 thug Alphonse de Poitiers don easpag na cearta go léir a bhí aige ar na tailte a bhí i seilbh Hugues-Arnaud de Crayssac agus Guillaume-Amalvin, barún Luzech. Scaoil sé saor óna móid dílseachta iad agus thug orthu a bheith faoi ghéillsine ag an easpag.[2] Bhí barúin Luzech ina gcomhthiarnaí ar Luzech in éineacht le heaspag Cahors tar éis dóibh a bheith ina vasáilligh ag cunta Toulouse.

In 1504 ba é Bertrand de Luzech barún na háite. Thug a dheartháir Antoine de Luzech, easpag Cahors, dó in 1505 na cearta go léir a bhí ag a eaglais i dtiarnas Cahors, ach choinnigh sé aige féin dílse vasáilligh an chaistealóireachta.

Fuair Jean II de Luzech bás gan chlann in 1587 agus é ag troid san arm leis na Protastúnaigh a raibh Bíocúnta Turenne os a gcionn. In 1604 phós a bhaintreach, Jacquette de Ricard de Gourdon de Genouillac, Jean IV Chapt, cunta Rastignac. Fuair duine dá shliocht, Pierre-Jean-Julie Chapt, marcas Rastignac, bás in 1833. Faoin am sin bhí a iníon Sabine Zénaïde Chapt de Rastignac pósta le François XIV Marie Auguste Armand Émilien, Diúc La Rochefoucauld-Liancourt. In 1841 dhíol an Diúc an caisleán leis an gcomhairle ceantair.[3].

In 1905 cuireadh an caisleán ar liosta shéadchomharthaí na Fraince.

Bibliographie[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Catherine Didon, Châteaux, manoirs et logis : le Lot, lch 257, Association Promotion Patrimoine, Éditions patrimoines & médias, Chauray, 1996 ISBN 2-910137-18-X ; lch 336
  • Joseph Bessières, Notes sur les anciens seigneurs de Luzech, lch 21-31, in Bulletin de la Société des Études du Lot, 1873, tome 1 (léigh ar líne)
  • Louis d'Alauzier, Acquisition de Puy-l'Evêque et Luzech par l'évêque de Cahors, lch 178, in Bulletin de la Société des Études du Lot, 1978, tome 99
  • Jean Lartigaut, Coup d'œil sur Luzech vers 1375, lgh 252-282, dans Bulletin de la Société des Études du Lot, 1979, tome 100
  • Louis d'Alauzier, Le dénombrement de 1504 en Quercy pour le ban et l'arrière-ban, lch 97, dans Bulletin de la Société des Études du Lot, 1984, tome 105
  • Gilles Séraphin, Cahors et la vallée du Lot, lch 83, Éditions Études et Communication (collection Guides Tourisme et patrimoine), Cahors, 1990 ISBN 978-2-908707-00-7 ; 112 p.
  • Gilles Séraphin, Les tours féodales du Quercy, lch 127-138, in Archéologie du Midi médiéval. Supplément, 2006, volume 4, n° 1 (léigh ar líne)

Liens externes[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Esbats de Guyon de Maleville sur le pays de Quercy, transcrits et annotés par M. Jacques Malinowski et M. F. Cangardel, lch 85}}, in Bulletin de la Société des Études du Lot, 1884, tome 9 (léigh ar líne)
  2. 2.0 2.1 Edmond Albe, L'hérésie albigeoise et l'inquisition dans le Quercy (suite), lgh 412-428, in Revue d'histoire de l'Église de France, 1910, volume 1, n° 4 p (léigh ar líne)
  3. Joseph Bessières, Notes sur les anciens seigneurs de Luzech, lch 30.