Cúnant na Méaraí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é Cúnant na Méaraí[1] an príomhshruth gluaiseachta Eorpaí ina bhfuil baint ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha, a thugann iad féin go deonach chun éifeachtacht fuinnimh a mhéadú agus úsáid na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú chomh maith ar a gcríocha. De réir a dtiomantas, tá sé mar aidhm ag sínitheoirí an Chúnaint cuspóir an Aontais Eorpaigh maidir le CO2 a laghdú le 20% faoi 2020, a chomhlíonadh agus dul thairis.

In 2008, tar éis ghlacadh de phacáiste fuinnimh agus aeráide na hEorpa, sheol an Coimisiún Eorpach Cúnant na Méaraí chun na hiarrachtaí, atá á n-úsáid ag údaráis áitiúla sa chur chun feidhme de bheartais fuinnimh inbhuanaithe, a fhormhuiniú agus a thacú.

Mar gheall ar a saintréithe uathúla - is í sin an t-aon ghluaiseacht da leithéid a spreagann gníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha maidir le comhlíonadh de chuspóirí an Aontais Eorpaigh - is múnla eisceachtúil de rialú il-leibhéil é Cúnant na Méaraí arna thaispeáint ag na hinstitiúidí Eorpacha.[2]

Sínitheoirí Chúnant na Méaraí[athraigh | edit source]

Údaráis áitiúla Eorpacha de gach saghas- ó shráidbhailte beaga go príomhchathracha agus ceantair uirbeacha móra - atá incháilithe chun clárú mar Shínitheoirí Chúnant na Méaraí.[3]

Tá ról ríthábhachtach ag cathracha, bailte agus ceantair uirbeacha eile maidir le hathrú aeráide a mhaolú, mar úsáideann siad trí cheathrú den fhuinnimh a táirgeadh san Aontas Eorpach agus tá siad freagrach as méid chosúil d'astuithe CO2. Tá na húdaráis áitiúla sa riocht is fearr maidir le hiompar saoránach a athrú agus chun ceisteanna aeráide agus fuinnimh a fhreagairt ar bhealach cuimsitheach, go háirithe trí leas poiblí agus príobháideach a chomhréiteach, agus trí shaincheisteanna fuinnimh inbhuanaithe a chomhtháthú i spriocanna forbartha áitiúla.

Is deis í páirt a ghlacadh i gCúnant na Méaraí do na húdaráis áitiúla na hiarrachtaí um laghdú CO2 arna n-imscaradh ar a gcríoch a neartú tairbhe a bhaint as tacaíocht agus aitheantas Eorpach agus taithí a mhalartú lena gcomhghleacaithe Eorpacha.

Gealltanais Fhoirmiúla[athraigh | edit source]

Téann raon feidhme Cúnant na Méaraí i bhfad níos faide ná ráiteas intinne amháin. Go deimhin, d'fhonn na spriocanna uaillmhianacha um laghdú CO2 a shocraigh siad dóibh féin a chomhlíonadh, tiomnaíonn sínitheoirí do shraith céimeanna agus glacann siad le tuarascáil agus monatóireacht a dhéanamh ar a gcuid gníomhartha. Laistigh d'fhrámaí ama réamhshainithe, geallann siad féin go foirmiúil an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Struchtúir riaracháin leordhóthanacha a fhorbairt, lena n-áirítear leithdháileadh acmhainní daonna leordhóthanacha, d'fhonn na gníomhartha riachtanacha a dhéanamh;
  • Ullmhaigh Fardal Astuithe Bonnlíne;
  • Cuir Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inmharthana isteach laistigh den bhliain tar éis cloí oifigiúil le tionscnamh Chúnant na Méaraí, agus lena n-áirítear bearta nithiúla a mbíonn laghdú de 20% in astuithe CO2 faoi 2020 ar a laghad mar thoradh ar;
  • Tuarascáil chur i bhfeidhm a chur isteach gach dara bliain ar a laghad tar éis a bPlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inmharthana a chur isteach le haghaidh críoch meastóireachta, monatóireachta agus fíoraithe.

D'fhonn an riachtanas ríthábhachtach a chomhlíonadh i leith páirtithe leasmhara áitiúla a spreagadh maidir le forbairt na bPleananna Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inmharthana, geallann sínitheoirí go ndéanfaidh siad é seo a leanas:

  • Comhroinn taithí agus fios gnó le húdaráis áitiúla eile;
  • Eagraigh Laethanta Fuinnimh Áitiúla chun feasacht saoránach a mhúscailt maidir le forbairt inbhuanaithe agus éifeachtacht fuinnimh;
  • Freastal nó cur le searmanas bliantúil Chúnant na Méaraí, ceardlanna téamacha agus cruinnithe grúpa plé;
  • Scaip teachtaireacht an Chúnaint sna fóraim chuí agus, go háirithe, spreag méaraí eile páirt a ghlacadh sa Chúnant.

Pleananna Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inmharthana[athraigh | edit source]

D'fhonn cuspóirí uaillmhianacha um fhuinneamh agus aeráid a bhaint amach agus a shárú, tiomnaíonn sínitheoirí Chúnant na Méaraí do Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inmharthana (SEAP) a fhorbairt, laistigh de bhliain tar éis a chloíonn siad leis an tionscnamh. Sa phlean gníomhaíochta seo, arna fhormheas ag an gcomhairle cathrach, leagtar amach na gníomhaíochtaí agus na bearta a thuarann na sínitheoirí d'fhonn a gcuid gealltanas a chomhlíonadh, le frámaí ama comhfhreagracha agus freagrachtaí sannta dóibh.

Tá treoir phraiticiúil agus moltaí soiléire ar phróiseas iomlán an SEAP le fáil sna hábhair éagsúla mhodheolaíochta agus theicniúla thacúla (lena n-áirítear "Treoirleabhar an SEAP " [4] agus teimpléad, tuarascálacha agus uirlisí maidir le modheolaíochtaí atá ann cheana féin ,srl.) Bunaithe ar thaithí phraiticiúil na n-údarás áitiúil agus arna fhorbairt i gcomhoibriú dlúth le Comh-Ionad Taighde an Coimisiúin Eorpaigh, leis an bpacáiste tacaíochta seo cuirtear na príomhphrionsabail agus cur chuige soiléir céim-ar-chéim ar fáil do shínitheoirí an Chúnaint le Tá na cáipéisí go léir le híoslódáil ar láithreán gréasáin na leabharlainne www.eumayors.eu. [5]

Comhordú agus tacaíocht[athraigh | edit source]

Comhordaitheoirí agus Tacadóirí an Chúnaint[athraigh | edit source]

Ní bhíonn na huirlisí agus na hacmhainní cuí ag Sínitheoirí an Chúnaint i gcónaí ar chun Fardal Astuithe Bunlíne, nó chun an Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inmharthana a dhréachtú nó chun bearta an Phlean sin a mhaoiniú. I bhfianaise é seo, tá ról ríthábhachtach ag cúigí, réigiúin, líonraí agus grúpálacha bardais chun cabhrú le sínitheoirí a dtiomantais a chomhlíonadh.

Is údaráis phoiblí iad Comhordaitheoirí an Chúnaint ó leibhéil rialtais éagsúla (náisiúnta, réigiúnach, cúigeach) a thugann treoir straitéiseach ar fáil do shínitheoirí, chomh maith le tacaíocht airgeadais agus theicniúil i bhforbairt agus cur i ngníomh a bPlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inmharthana. Déanann an Coimisiún idirdhealú idir Comhordaitheoirí Críche, ina bhfuil údarás fo-náisiúnta díláraithe - amhail cúigí, réigiúin agus grúpaí pobal bardais - agus Chomhordaitheoirí Náisiúnta, atá ina gcomhlachta poiblí náisiúnta - lena n-áirítear gníomhaireachtaí fuinnimh náisiúnta agus aireachtaí fuinnimh.

Is éard atá i Tacadóirí an Chúnaint ná líonraí agus comhlachais Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha d'údaráis áitiúla a dhéanann gníomhaíochtaí stocaireachta, cumarsáide agus líonraithe a ghiaráil chun tionscnamh Chúnant na Méaraí a chur chun cinn agus tacú le gealltanais dá shínitheoirí.

Oifig Chúnant na Méaraí[athraigh | edit source]

Cuireann Oifig Chúnant na Méaraí (CoMO) cúnamh cur chun cinn, teicniúil agus riaracháin ar fáil ar bhonn laethúil do shínitheoirí an Chúnaint agus do pháirtithe leasmhara, arna bhainistiú ag cuibhreannas de líonraí údarás áitiúil agus réigiúnach, faoi stiúir Energy Cities, comhdhéanta de Climate Alliance, CEMR, Eurocities agus FEDARENE. Arna maoiniú ag an gCoimisiún Eorpach, tá an CoMO freagrach as comhordú foriomlán an tionscnaimh.

Institiúidí an Aontais Eorpaigh[athraigh | edit source]

Chun tacú le saothrú agus cur i bhfeidhm Pleananna Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inmharthana, tá an Coimisiún Eorpach tar éis cur le forbairt áiseanna airgeadais a dhíríonn go háirithe ar shínitheoirí Chúnant na Méaraí, ina measc tá an áis Cúnamh Eorpach d'Fhuinneamh Áitiúil (ELENA), arna cur ar bun i gcomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta do tionscadail ar scála mór, agus le ELENA-KfW, a bunaíodh i gcomhar leis an nGrúpa KfW na Gearmáine, cuirtear cur chuige comhlántach ar fáil d'infheistíochtaí inbhuanaithe na mbardas beag agus meánmhéide a úsáid.

Chomh maith leis an gCoimisiún Eorpach, bíonn na buntáistí ag an gCúnant de thacaíocht institiúideach iomlán, lena n-áirítear ó Choiste na Réigiún, a thug tacaíocht don tionscnamh seo ó bunaíodh é; ó Pharlaimint na hEorpa, áit ar reáchtáladh an dá chéad searmanais síniúcháin; agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta, a chabhraíonn le húdaráis áitiúla a n-acmhainneacht infheistíochta a scaoileadh.

Comh-Ionad Taighde[athraigh | edit source]

Tá an Comh-Ionad Taighde freagrach as tacaíocht theicniúil agus eolaíoch a thabhairt don tionscnamh. Oibríonn sé go dlúth le hOifig Chúnant na Méaraí chun treoirlínte teicniúla soiléire agus teimpléid a thabhairt do shínitheoirí chun cabhrú le seachadadh dá ngealltanais de Chúnant na Méaraí chomh maith le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus torthaí.

Féach freisin[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. http://www.eumayors.eu/IMG/pdf/covenantofmayors_text_en.pdf
  2. http://www.euractiv.com/en/climate-change/mayors-commit-exceeding-eu-climate-goals/article-179356
  3. http://www.eumayors.eu/about/signatories_en.html
  4. http://www.eumayors.eu/IMG/pdf/seap_guidelines_en-2.pdf
  5. http://www.eumayors.eu/support/library_en.html

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

  1. Covenant of Mayors official Website
  2. Directorate-General for Energy
  3. Joint Research Centre
  4. Energy Cities
  5. Climate Alliance
  6. Council of European Municipalities and Regions
  7. Eurocities
  8. Fedarene