Cóiméad Shoemaker-Levy 9

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochCóiméad Shoemaker-Levy 9
Cineálcóiméad
FionnachtaíCarolyn S. Shoemaker
Eugene Merle Shoemaker
David H. Levy Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana24 Márta 1993, Réadlann Palomar
EapainmEugene Merle Shoemaker[1], Carolyn S. Shoemaker agus David H. Levy
Réad tuismitheoraIúpatar
Sonraí fithiseacha
Apaipsis8.34903 AU Cuir in eagar ar Wikidata
Pearaipsis5.38056 AU Cuir in eagar ar Wikidata
Ais mhór a6.864795 AU
Éalárnacht e0.216209
Claonadh i94.2 °
Dátaí pearaipsise24 Márta 1994
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Trastomhas1.8 km Cuir in eagar ar Wikidata

Cóiméad a d'imbhuail Iúpatar i 1994. D'fhionn an réalteolaí Carolyn Shoemaker (1929-), a fear céile an réaltgheolaí Eugene Shoemaker (1928-1997), agus an réalteolaí amaitéarach David Levy (1948-) an cóiméad ag réadlann Palomar i gCalifornia i 1993. De réir dealraimh, tharla dó dul róghar d'Iúpatar ionas gur aomadh isteach go hiomlán é ag imtharraingt láidir an phláinéid, an ceann is mó i gcóras na Gréine, 12 oiread thrastomhas an Domhain is níos mó maise ann ná na pláinéid uile eile le chéile. D'imbhuail sé an pláinéad i níos mó ná 20 píosa, agus steall siad atmaisféar daite Iúpatair. Tharla sin ar an taobh thall den phláinéad uainn, ach d'éirigh le spásteileascóp Hubble íomhánna iontacha de na hionaid imbhuailte ar dhromchla Iúpatair a fháil is a chraoladh ar ais ar Domhan. Ba é an chéad uair a bhfacthas a leithéid de dhíothú cóiméid.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. URL tagartha: http://www.slate.fr/story/153233/seul-homme-enterre-lune.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cóiméad Shoemaker-Levy 9". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 595.