Cánacht na Crimé

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCánacht na Crimé
Qırım Hanlığı (crh)
Kîrîm Kanlîgî (crh-ro) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 44°45′18″N 33°51′09″E / 44.755°N 33.8525°E / 44.755; 33.8525

PríomhchathairBakhchysarai, Chufut-Kale agus Staroselye Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán500,000 Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3.29 hab./km²
Teanga oifigiúilTurki (en) Aistrigh (litríocht)
An Tuircis Otamánach (Documents (en) Aistrigh)
An Tatairis Chriméach Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAn tIoslam agus an tIoslam Sunnaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla152,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1441
Díscaoileadh19 Aibreán 1783
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarchie aristocratique (en) Aistrigh agus monarcacht thoghaí Cuir in eagar ar Wikidata

Stát stairiúil ab ea Cánacht na Crimé a bunaíodh ar Leithinis na Crimé nuair a thit an tóin as stát an Mhathshlua Órga. B'í an ceann ab fhadsaolaí de na cánachtaí a tháinig i gcomharbas ar impireacht an Mhathshlua Órga.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh an chéad tús le Cánacht na Crimé nuair a chinn treibheacha áirithe fáin de chuid an Mhathshlua Órga éirí as saol na fánaíochta agus socrú síos sa Chrimé. Thug siad cuireadh do Hacı Giray, duine de shliocht sleachta Gheingis Cháin a bhí díreach ag dréim le ríchathaoir an Mhathshlua Órga, dul i gceannas ar an gCrimé, agus bhí Giray sásta leis an smaoineamh seo. B'éigean dó an-chath a chur ar an Mathshlua Órga le saoirse a bhaint amach don Chrimé, ach sa bhliain 1441, bhunaigh sé an Chánacht mar thír neamhspleách. San am sin, b'ionann an Chánacht agus an chuid ba mhó de Leithinis na Crimé, in éineacht le Deist-i-Ciptseac, is é sin, machairí móra Dheisceart na Rúise is na hÚcráine.

Meñli Giray ag tabhairt cuairte ar chúirt an tSabhdáin Otamánaigh Bayezid II

Má bhí an Chrimé neamhspleách ar an Mathshlua Órga, b'éigean don Chán géillsine a mhóidiú don Impireacht Otamánach go gairid ina dhiaidh sin. Nó nuair a fuair Hacı bás, d'éirigh ina chogadh cathartha idir a chuid mac faoin gcomharbas, agus ba í an Impireacht Otamánach a shocraigh an scéal trí thacaíocht a thabhairt do dhuine amháin de na mic, Meñli Giray. An bhaint a bhí ag an Sabhdán Otamánach agus ag Cán na Crimé le chéile, áfach, bhí sí ní ba chosúla le comhghuaillíocht chothrom ná le géillsine an vasáilligh dá thiarna. Is é is cúis leis seo, is féidir, go raibh urraim ag an Sabhdán d'fholaíocht Gheingis Cháin. Bhí an chomhghuaillíocht seo iontach fabhrach a fhad is a mhair an Impireacht Otamánach láidir, ach de réir mar a tháinig meath uirthi, thosaigh an t-ádh ag teip ar Chánacht na Crimé chomh maith.

Buaicré[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cibé scéal é, ón lá a rug Meñli Giray bua ar Chán deireanach an Mhathshlua Mhóir (arbh é a raibh fágtha den Mhathshlua Órga san am) sa bhliain 1502, thosaigh Cáin na Crimé ag maíomh go raibh siad i dteideal sheantailte ríocht Gheingis Cháin sa réigiún idir Abhainn Volga agus an Mhuir Chaisp, is é sin, áit a raibh cánachtaí Kazan agus Astrakhan. San am céanna, bhí prionsaí Rúiseacha Mhoscó ag cur suime sna tailte seo, agus ba dual don dá ríocht cogaí a chur ar a chéile. Sa bhliain 1571, d'éirigh le Devlet Giray an cath a bhriseadh ar shluaite Mhoscó agus cathair Mhoscó féin a dhó, éacht a thuill an leasainm "Taht-Algan" ("Sciobadóir na Ríchathaoireach") dó. An bhliain a bhí chugainn, áfach, chaill sé torthaí an bhua seo ar fad i gCath Molodi.

Ba í Salaçıq a bhí ar an chéad phríomhchathair ag Cánacht na Crimé. Sa bhliain 1532, d'aistrigh an Cán Sahib Giray an phríomhchathair go dtí Bağçasaray.[1]

Ba é rítheaghlach Giray a bhí ag rialú na Cánachta ó thús deiridh, nó ní fhéadfadh aon duine an Chrimé a rialú ach duine de shliocht Gheingis Cháin. Mar sin féin, ní deachtóir gan srian a bhí sa Chán - chaithfeadh sé aird a thabhairt ar bharúlacha agus ar shainleasanna na dteaghlach uasal. Bhí dlí na Cánachta bunaithe ar dhlíthe traidisiúnta na bpobal Tuirceach, ar dhlí canónta an Ioslaim (sharia) agus ar dhlí na hImpireachta Otamánaí araon. Thairis sin, bhí a ndlíthe féin ag na pobail Chríostaí, ar nós na nGréagach is na nAirméanach, agus ag na pobail Ghiúdacha.

Ba í an Tatairis Chriméach caint na sráide, agus na mionlaigh in ann í a labhairt chomh maith le duine. An teanga oifigiúil liteartha a bhí á saothrú sa tír, áfach, ba í an teanga Chaghatay í, in éineacht leis an Tuircis Otamánach. Is é an cineál teanga a bhí i gceist leis an teanga Chaghatay ná comhtheanga na bpobal ar fad a bhí ag labhairt canúintí Tuircice sa Mheán-Áise. Bhí an teanga Chaghatay i muinín na haibítre Arabaí, nach dtaispeánann na gutaí ach ar éigean, agus mar sin, bhí cainteoirí na gcanúintí éagsúla ábalta a bhfuaimniú féin a bhaint as an teanga scríofa, ó choinnigh an córas scríbhneoireachta an chuid ba mhó de na difríochtaí canúna faoi cheilt.

Meath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí trádáil na ndaor ar ceann de na slite beatha ba thábhachtaí ag an gCánacht. Ba nós leis na Cáin agus leis na fir uaisle sluaíochtaí a ghléasadh le daoine a cheapadh sna machairí móra agus a dhíol in aonach na ndaor. Uaireanta, chuaigh fir uaisle ag ceapadh daor beag beann ar thoil an Cháin, agus fiú i ndiúnas ar na conarthaí síochána a bhí i bhfeidhm faoi láthair. Creidtear gur fhuadaigh na Tataraigh Chriméacha trí mhilliún duine ar fad, Úcránaigh an chuid ba mhó acu, fad is a mhair an Chánacht. An t-eagar míleata a chuir na Cosacaigh orthu féin, freagra a bhí ann, go bunúsach, ar bhagairt na Cánachta.

San ochtú haois déag, bhí an Rúis - is é sin, Prionsacht Mhoscó - éirithe róláidir ag na Tataraigh Chriméacha, agus thosaigh an Chánacht ag titim as a chéile de dheasca na gcoimhlintí inmheánacha. Na cogaí a chuir an Rúis ar an Impireacht Otamánach, ba é ba toradh dóibh gur ghéill an Sabhdán Otamánach, i gconradh síochána Küçük Kaynarca sa bhliain 1774, an Chánacht ar fad don Rúis mar choimirceas. D'fhág an conradh seo an Cán deireanach de theaghlach Giray i gceann na Cánachta, ach níor mhair sé ansin i bhfad. Chuaigh coimhlintí inmheánacha polaitiúla na Cánachta i ngéire agus phléasc cogadh cathartha amach, agus sa bhliain 1783, chuir Caitríona Mhór, Banimpire na Rúise, ladar míleata sa chogadh seo.[2] Chuir sí an Chánacht go léir de dhroim an tsaoil agus rinne sí cúige Rúiseach - Таврия/Tavriya - di, agus d'éalaigh an Cán, Şahin Giray, go dtí an Tuirc Otamánach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "History of Bakhchisaray (Bağçasaray)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2005-02-06.(en)
  2. Fisher, Alan W. (2008). "The Russian Annexation of the Crimea 1772-1783". CUP Archive.