Bunreacht Chónaidhm na Rúise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBunreacht Chónaidhm na Rúise
Íomhá
Map
Cineálbunreacht Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid delaw of the Russian Federation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarSergey Shakhray, Sergei Alexeyev, Anatoly Sobchak agus Constitutional Conference of the Russian Federation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe25 Nollaig 1993 Cuir in eagar ar Wikidata
Teacht i bhfeidhm25 Nollaig 1993 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisan Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Rúisis Cuir in eagar ar Wikidata
Seánralitríocht reiligiúnach Cuir in eagar ar Wikidata

Obair iomlán ar fáil ag URLconstitution.kremlin.ru Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáinconstitution.ru Cuir in eagar ar Wikidata


Glacadh le Bunreacht reatha Chónaidhm na Rúise (Rúisis: Конституция Российской Федерации) i reifreann náisiúnta an 12 Nollaig 1993. Tháinig bunreacht na Rúise i bhfeidhm an 25 Nollaig 1993, ón nóiméad a foilsíodh é go hoifigiúil. Ghlac sé ionad iar-Bhunreachta Shóivéadaigh an 12 Aibreán 1978 de chuid Phoblacht Shóivéadach Fheidearálach Shóisialach na Rúise i ndiaidh ghéarchéim bhunreachtúil na Rúise sa bhliain 1993.

As na vótálaithe cláraithe uile, ghlac 58,187,755 duine (nó 54,8%) páirt sa reifreann. Vótáil 32,937,630 (54,5%) díobh i bhfabhar ghlacadh an Bhunreachta.

Dearbhú Glactha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dearbhú Glactha:

"Táimid, daoine ilnáisiúnta Chónaidhm na Rúise, atá aontaithe ag comhchinniúint ar ár dtalamh, ag bunú chearta an duine agus saoirsí, síochána sibhialta agus comhaontaithe, ag coimeád aontacht an stáit a bunaíodh go stairiúil, ag gabháil ar aghaidh le prionsabal an chomhionannais agus prionsabal fhéinchinntiúchán na ndaoine, a dtugtar d'aitheantas dóibh go huilíoch, ag tabhairt urraime do chuimhne na sinsearach atá tar éis grá don Mháthairthír agus creideamh sa mhaith agus sa cheart a chur in iúl dúinn, ag athbhunú neamhspleáchas ardcheannasach na Rúise agus ag dearbhú neart a boinn dhaonlathaigh, ag déanamh ár ndícheall chun leas agus rathúnas na Rúise a chinntiú, ag gabháil ar aghaidh le freagracht as ár Máthairthír a bhí ann roimh an nglúin láithreach agus na glúine atá le teacht, ag tabhairt aitheanta dúinnse mar chuid de phobal an domhain, tar éis Bunreacht Chónaidhm na Rúise a ghlacadh."

Struchtúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dmitri Medvedev ag tógáil mhionn an uachtaráin lena lámh ar an mBunreacht, an 7 Bealtaine 2008.

Tá an bunreacht roinnte ina dhá chuid.

Cuid a hAon[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Bunúsaigh an Chórais Bhunreachtúil
  2. Cearta agus Saoirsí an Duine agus an tSaoránaigh
  3. An Córas Cónaidhmitheach
  4. Uachtarán Chónaidhm na Rúise
  5. Tionól na Cónaidhme
  6. Rialtas Chónaidhm na Rúise
  7. Na Breithiúna
  8. Féinrialtas Áitiúil
  9. Leasuithe agus Athchóirithe Bunreachta

Cuid a Dó[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Forálacha Deiridh agus Idirthréimhseacha

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]