Buamáil na Seanchille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil na Seanchille
Map
 54°36′14″N 5°57′11″W / 54.604°N 5.953°W / 54.604; -5.953
Cineálionsaí buamála Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana23 Deireadh Fómhair 1993 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBóthar na Seanchille, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna10 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe57 Cuir in eagar ar Wikidata


Bóthar na Seanchille i mBéal Feirste

Tharla Buamáil na Seanchille ar an 23 Deireadh Fómhair 1993, nuair a phléasc buama i siopa ar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste. Mharaigh an IRA naonúr de mhuintir na háite, agus gortaíodh 57.[1] Fuair buamálaí de chuid an IRA bás chomh maith.

Bhí ionsaí buamála an IRA ar shiopa éisc Frizzell ar cheann de na heachtraí ab uafásaí le linn na dTrioblóidí. Chuir buamáil na Seanchille tús le seachtain inar maraíodh triúr is fiche ar fud an tuaiscirt.[2]

23 Deireadh Fómhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Satharn breá fómhair, bhí an tsráid pacáilte mar ba ghnách, páistí, fir agus mná ag siopadóireacht, ag spaisteoireacht agus ag bualadh le cairde. Bhí an siopa éisc plódaithe nuair a thug beirt chomhaltaí den IRA buama isteach ann.

Phléasc an buama roimh am agus fuair duine de na buamadóirí bás chomh maith, Ghabh an IRA leithscéal ag rá gur phléasc an gaireas roimh am, gur ar an UDA a bhí an t-ionsaí dírithe agus nach ar an ngnáthphobal.

Phléasc an gaireas gan choinne, gan rabhadh. Ní raibh seans éalaithe ag na daoine sa siopa ná ag éinne a bhí ag dul thar bráid. Ach ba léir don domhan go raibh an t-ionsaí meargánta mar go gcuirtear an gnáthphobal i mbaol nuair a thugtar buama ina measc. Bhí ceathrar ban agus beirt chailíní scoile i measc an naonúir a maraíodh, dhá lánúin, tuismitheoirí, páiste seacht mbliana chomh maith le fear an tsiopa agus a iníon: John Frizzell (63), fear an tsiopa agus a iníon Sharon McBride (29); Leanne Murray (13); Michael Morrison, baill den UDA (27) agus chara Evelyn Baird (27) agus a iníon Michelle (7); George Williamson (63) agus a bhean Gillian (49); agus Wilma McKee (38).[3]

Thit an foirgneamh ina charn smionagair sa mullach ar dhaoine.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Áit a phéasc an buama

Bhí caint ar shíocháin sa bhliain 1993, iarrachtaí ar siúl chun síolta phróiseas na síochána a chothú ach an tráth seo cúig bliana fichead ó shin bhíothas scanraithe gur chogadh cathartha a bhí i ndán. Buille trom do na Sealadaigh ab ea an buamáil agus do Gerry Adams, uachtarán Shinn Féin a bhí ag iarraidh a chur ina luí ar an mbunaíocht go raibh siad dáiríre agus inmhuiníne faoin tsíocháin.

Cúpla lá níos déanaí, d’iompair Gerry Adams cónra bhuamadóir na Seanchille, Thomas Begley. Maíodh go raibh sé riachtanach chun na paraimíleataigh a bhreith leis ar bhealach na síochána.

2018

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir an t-ionsaí fonn díoltais ar na dílseoirí. Ar éigean a bhí na coirp bailithe as an smionagar nuair a d’eisigh an UDA fógra catha: "Íocfaidh John Hume, Gerry Adams agus na toghthóirí náisiúnacha praghas an-ard as ainghníomh an lae inniu".[4]

Oíche 23 Deireadh Fómhair i mBéal Feirste, rinne an UDA a chéad ionsaí díoltais. Agus an tseachtain ina dhiaidh sin mharaigh na Dílseoirí trí dhuine dhéag ar fad, ina measc an seachtar a cailleadh sa sléacht ag an Rising Sun i nGlas-Stiall, Contae Dhoire.

Gabhadh an buamálaí,Seán Kelly.[5] Scaoileadh amach as an bpríosún é sa bhliain 2000.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Shankill Road Bombing" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2020-10-23.
  2. Póilín Ní Chiaráin (2018). "Foréigean iarBhreatimeachta? Ná déanaimis dearmad ar shléachtanna na seachtaine seo 25 bliain ó shin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-23.
  3. "CAIN: Sutton Index of Deaths". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2023-10-23.
  4. Bhí ainm Hume san áireamh mar go raibh sé ag caint le Adams faoi conas síocháin a bhaint amach.
  5. "Sean Kelly (Irish republican)" (as en) (2020-05-03). Wikipedia. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]